Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

5:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá mé ag labhairt ar an alt. Bhíomar ag ócáid fíor-thaitneamhach leis an Seanadóir Ó Murchú i rith an tsamhraidh, nuair a bhí cúrsa oiliúna ar siúl sa Cheathrú Rua. Bhain cuid den dream a bhí ann le Gaeleagras, mar a bhí sna blianta roimhe seo. Chaith siad blianta fada ag plé le Gaeleagras, a thug seirbhís tacaíochta do Státseirbhísigh a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Ba mhaith liom go dtógfadh an tAire Stáit ar bord an moladh go smaoineofaí ar a leithéid a chur ar bun arís, ionas go mbeadh tacaíocht ar fáil do Státseirbhísigh gur mhian leo cúrsaí Gaeilge a dhéanamh sa Ghaeltacht, feabhas agus snas a chur ar a gcuid Gaeilge agus an teanga a choinneáil in úsáid acu. Sílim gur céim mór ar chúl a bhí ann nuair a fuarthas réidh le Gaeleagras. Tá an Státseirbhís á lagú ó thaobh na Gaeilge ó shin i leith. Is ar an mbunús sin a chuireamar na leasuithe seo chun cinn. Táimid ag iarraidh bheith dearfach ar son na Gaeilge. Sílim go bhfuil na moltaí seo ag teacht leis an straitéis 20 bliain atá curtha chun cinn. Má tá an Rialtas dáiríre faoin dteanga, tabharfaidh an tAire Stáit gealltanas dom go bhfuil sé sásta na moltaí seo a thógáil ar bord agus go dtógfaidh sé céimeanna chun cinn ó thaobh na straitéise de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.