Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

5:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl mé ag rá go bhfuil an Cathaoirleach Gníomhach mícheart. B'fhéidir go bhfuil toil Aire Stáit na Gaeltachta i bhfábhar cineál den chineál sin. Go minic, nuair a thagann moltaí ó Shinn Féin go dtí an gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí, ní éisteann na páirtithe eile linn. Os rud é nach bhfuil ann ach an triúr againn, níl aon ionadaíocht againn ar an gcoiste agus ní féidir linn aon moladh a chur chun cinn. Fiú má tá moladh maith á dhéanamh againn, caitear i dtraipisí é. Dá dtiocfadh an moladh ón Aire Stáit, éistfear leis. Ní dóigh liom gur moladh radacach, a dtarraingfidh anuas na ballaí orainn, atá i gceist anseo. Ní dócha go mbeadh 3,000 duine taobh amuigh na Tithe ag argóint ina choinne agus ag déanamh raic. Bheadh sé ar leas na Gaeilge agus bheadh sé go maith. Táimid ag iarraidh rudaí bunúsacha beaga den tsórt seo a chur chun cinn. Ní dóigh liom go bhfuil an chéad leasú eile - Uimh. 8 - rialaithe as ord go fóill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.