Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

5:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Is dona an lá é seo don Ghaeilge os rud é go bhfuil na leasuithe seo rialaithe as ord. Chuir muid chun cinn iad ar mhaithe le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ionas go mbeadh seirbhís níos fearr ar fáil sna Tithe seo. Bhí muid ag iarraidh go ndéanfaí aisiompú ar an droch-cinneadh a ghlac an Rialtas seo tamall ó shin maidir le Billí a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Is cosúil nach bhfuil an Rialtas sásta é sin a dhéanamh. Ní fheicim cén costas breise a bhainfeadh leis. Mar a dúirt an tAire Stáit, tá 20 duine ag obair i Rannóg an Aistriúcháin. Tá an-muinín agam go mbeidh siad ábalta coinneáil suas leis an obair ó lá go lá. Ní fheicim cén fáth nach féidir a chinntiú go mbeidh na Billí ar fáil go comhuaineach. Sílim go bhfuil sé fíor-thábhachtach go gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil. Táimid freisin ag lorg soiléiriú go mbeidh na hacmhainní cuí agus dóthain daoine ar fáil le déileáil leis na riaráistí. Bhí muid ag iarraidh i leasú eile cur leis an líon Gaeilge a úsáidtear sna Tithe. Caithfidh mé ard-mholadh a thabhairt do na Seanadóirí a bhíonn anseo le haghaidh na díospóireachtaí trí Ghaeilge agus atá i láthair arís inniu. Tá Seanadóirí áirithe a úsáideann an Ghaeilge go rialta. Ní chuirfinn locht ar duine ar bith a úsáideann fiú cúpla focal. Muna bhfuil agat ach pocán gabhair, bí i lár an aonaigh leis. Tacaím gur cheart do gach éinne pé cúpla focal atá acu a úsáid. Bhí na moltaí seo le cur chun cinn againn sa chomhthéacs sin. Tá a fhios agam gur mhaith le Seanadóirí agus Teachtaí áirithe comhfhreagras a chur ar fáil i nGaeilge ó am go chéile. B'fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. B'fhéidir nach bhfuil siad sásta go bhfuil a gcuid Gaeilge cruinn go leor le litir nó comhfhreagras a chur ar ais ag duine. Sílim gur cheart go gcuirfeadh Rannóg an Aistriúcháin bunseirbhís ar fáil dóibh.

Ar an gcuma chéanna, d'fhéadfadh Rannóg an Aistriúcháin cúnamh a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh cúpla focal Gaeilge a rá sa Seanad nó sa Dáil. B'fhéidir go mbeadh an rannóg in ann cabhrú leo a gcuid óráidí a aistriú, mar shampla. Ní dóigh liom go bhfuil an t-uafás á lorg againn sa mhéid sin. Deireann Seanadóirí agus Teachtaí áirithe liom gur bhreá leo an cúpla focal atá acu a úsáid, ach níl siad compordach nó muiníneach go leor chun é sin a dhéanamh. B'fhéidir nár cheart dom cúnamh a thabhairt dóibh an méid atá le rá acu a aistriú go Gaeilge mar níor mhaith leo go mbeadh a fhios agam roimh ré céard atá le rá acu. Dá mbeadh a fhios acu go raibh cead acu dul go dtí Rannóg an Aistriúcháin - faoi dhiscréid - chun fiú an céad alt d'óráid éigin a aistriú go Gaeilge, b'fhéidir go mbeadh níos mó Gaeilge in úsáid sna Tithe. Sílim gur teachtaireacht iontach tábhachtach a bheadh ann. Cé go mbíonn sáraíocht polaitiúil maidir le go leor cúrsaí sa Teach eile go minic, ar a laghad tá a fhios againn go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag an Taoiseach, an Tánaiste, ceannaire Shinn Féin, ceannaire Fhianna Fáil agus cuid mhaith de na Teachtaí neamhspleácha. Úsáideann siad an Ghaeilge go rialta. Tá an t-áthrú iontach suntasach sin tagtha chun cinn le riar blianta. Nuair a fheictear níos mó Gaeilge á úsáid sna Tithe anseo, bíonn níos mó meas ar an Ghaeilge. Ba cheart an teachtaireacht iontach láidir sin a chur amach. Bíonn doicheall agus drogall ar na Seanadóirí a deireann liom go bhfuil faitíos orthu go ndéarfaidh siad rud éigin seafóideach nó amaideach. Dá mbeadh seirbhís den chineál seo ar fáil, bheadh siad in ann aistriúcháin bunúsach gearr a fháil trí Rannóg an Aistriúcháin. Ba iontach an deis a bheadh ann do Sheanadóirí, srl.

Ba mhaith liom labhairt faoi rud eile a bhí molta againn. Ní thuigim cén fáth an raibh sé rialaithe as ord. Mhol muid go mbeadh sé ceadaithe d'fhoireann Tithe an Oireachtais an fáinne nó a leithéid de mhacasamhail a chaitheamh. Níl mé ag rá gurb é an fáinne an suaitheantas a chaithfí a úsáid. Tá mé le feiceáil ar an scáileán nuair atá an Ghaeilge á labhairt agam. Labhrann na daoine a bhfuil an teanga acu an Ghaeilge liom. Uaireanta, ní bhíonn a fhios agam go dtí go labhrann siad liom go bhfuil an Ghaeilge acu.

Tá daoine ag obair sna bialanna, mar uiséirí agus i go leor áiteanna sna Tithe seo nach shamhlóinn go raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Dá mbeadh cead acu suaitheantais a chaitheamh, le taispeáint gur Gaeilgeoirí iad, bheadh a fhios againn gur Gaeilgeoirí muid ar fad agus d'fhéadfaimid an Ghaeilge a labhairt lena chéile. Nuair a rinne mé fiosrúchán faoi seo, d'iarr mé an mbeadh cead ar úiséirí an suaitheantas a úsáideann Gaillimh le Gaeilge a chaitheamh. Deireann an dá suaitheantas bheag atá in úsáid ag Gaillimh le Gaeilge "tá Gaeilge agam" agus "tá beagán Gaeilge agam". Nuair a rinneadh fiosrúchán ar an ábhar, dúradh liom go mbeadh sé in aghaidh rialacha an Tí dá mbeadh cead ag na huiséirí a bhfuil Gaeilge acu a leithéid de suaitheantas a chaitheamh. Is é sin an fáth ar mhol mé i leasú Uimh. 7 go ligfeadh muid d'fhoireann an Tí suaitheantais éigin a chaitheamh ar lapel nó áit éigin eile a dhéarfadh linn gur Gaeilgeoirí iad. Munar féidir é a dhéanamh tríd an reachtaíocht seo, ba bhreá liom go dtabharfaí an cead sin do dhaoine atá fostaithe anseo i dTithe an Oireachtais i chaoi éigin eile ionas go mbeadh deis againn an Ghaeilge a úsáid ar bhonn níos forleithne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.