Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

5:05 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Is maith liom go n-aithníonn sé an cúlra spéisiúil atá agam. Bheinn sásta an leasú a tharraingt siar dá mbeadh an Aire Stáit sásta a dhearbhú dom, in áit mise a bheith ag cur leasuithe chun cinn ar Bhille nach bhfaca mé go fóill - go mbeadh sé sásta dul chuig an Aire, an Teachta Howlin faoi seo. An aontaíonn an Aire Stáit i bprionsabal leis an smaoineamh atá agam anseo, go gcuirfí foráil den chineál seo insan Acht? An mbeidh an Aire Stáit sásta dul chuig an Aire agus fiafraí dó an mbeidh sé sásta an alt seo a chur isteach san reachtaíoct atá sé ag tabhairt chun cinn, os rud go bhfuiltear á dhréachtú faoi láthair?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.