Seanad debates
Tuesday, 16 October 2012
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages
5:05 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Baineann seo leis an Aire, An Teachta Howlin. Tá an tAire Stáit ag iarraidh ormsa muinín a chur ins an Aire Caitheachas Phoiblí agus Athchóirithe leasú a ghlacadh i mBille nach bhfuil feicthe agam. Táim ag rá go bhfuil an rud atá á dhéanamh ag an Aire le seachtain anuas ná tar éis buille a thabhairt maidir le liúntais atá á íoc le muintir na Gaeltachta. Dar liomsa nach bhfuil mórán measa nó ómóis ag an Aire sin do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, gan mórán iniúchtha a bheith déanta.
No comments