Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

4:35 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar dtús, rialaíodh an leasú seo as ord ag údarás an tSeanaid, an Chathaoirleach, agus mar sin, níl fonn orm dul isteach go domhain ins na pointií atá déanta ag na Seanadóirí. Mar sin féin, táim i ndiaidh iad a nótáil. Ba mhaith liom a rá gurb é an cuspóir atá ag Bille ná go mbeidh freagracht iomlán ar annóg amháin maidir le cúrsaí aistriúcháin. Mar a bhí go dtí seo agus mar adúirt muid ar an Dara Céim, bhí an cúram sin idir dhó Roinn. Níl sin inghlactha mar ní féidir linn coinneáil suas le dhá chaighdeán scríofa in aon teanga amháin. Tá muid ag iarraidh go mbeidh caighdeán amháin againn.

Tá lán-mhuinín agamsa i Rannóg an Aistriúcháin atá ag gníomhú sna hoibreacha seo ó bhunaíodh an Stát sna fichidí. Tá an stair acu agus chuir siad amach an chéad Caighdeán Oifigiúil i 1958. Tá an Caighdeán Oifigiúil leasaithe á chur amach acu i mbliana agus beidh leasú eile chun é a thabhairt suas chun dáta le déanamh taobh istigh de seacht mbliana, ach de réir an méid atá ráite acu, déanfar seo taobh istigh de trí bhliain. Tá muinín iomlán agam astu.

Is cinnte go bhfuil oidhreacht mhór ansin sa rannóg, mar atá ráite ag Seanadóirí. Tá oidhreacht mhór ansin ó 2002. Tá go leor rudaí le haistriú, na SIs agus Achtanna agus mar sin de. Táim dóchasach agus muiníneach go dtabharfaidh an rannóg faoi an obair sin a dhéanamh de réir a chéile. Tá an dá eagraíocht le chéile anois agus tá beagnach 20 duine ag obair i Rannóg an Aistriúcháin anois. Tá dualgaisí agus dúshlán rompu, ach tá mise iontach dóchasach go néireoidh leo na freagrachtaí agus na cúraimí atá orthu a chomhlíonadh chomh maith agus is féidir leo.

Mar adúirt mé, ní raibh sé ar intinn agam labhairt ar seo mar go bhfuil sé as ord. Ach mar sin féin, mar chúirtéis do na Seanadóirí a d'ardaigh é, theastaigh uaim na focail sin a rá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.