Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

4:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Sa leasú sin, bhí muid ag moladh go ndéanfar "aon aistriúcháin den sórt sin arna gcur i gcrích ag duine seachas an Coimisiún a tharchur chuig an gCoimisiún lena mbreithniú agus lena gceadú" agus nach bhfoilseofar "na haistriúcháin sin go dtí cibé tráth a bheidh ceadú i dtaobh an aistriúcháin deonaithe ag an gCoimisiún". D'aontaigh mé leis an Aire Stáit an lá faoi dheireadh nuair a dúirt sé gur chóir go mbeadh aon chineál caighdéan amháin ann ó thaobh na haistriúcháin ar na hAchtanna. Ag an am céanna, tá an Bille seo ag rá go bhfuil daoine áirithe i gcuid de na Ranna eile - an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, mar shampla - ag déanamh aistriúcháin.

Bhí leasú Uimh. 3 ag iarraidh go gcaithfear rudaí a bheidh aistrithe ag na Ranna eile a chur faoi bhráid Coimisiún Thithe an Oireachtais le breathnú orthu agus a chinntiú go bhfuil siad de réir an caighdeán a bhíonn á húsáid ag Rannóg an Aistriúcháin ó lá go lá. Sa chaoi sin, bheadh gach éinne ar an bport céanna maidir le haistriú na n-Achtanna. Má dhéanann feidhmeannach éigin sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais aistriú ar reachtaíocht, ba cheart é a chur faoi bhráid Rannóg an Aistriúcháin le dearbhú go bhfuil na n-aistritheoirí san oifig sin sásta leis an gcaighdeán atá ann. Níl mé ag cur aon smál ar éinne atá amuigh ansin ag aistriú, ach bíonn seacht leagan déag ar amhrán, mar is eol don Aire Stáit. Tá a fhios aige go bhfuil díospóireachtaí ar bun ó thaobh caighdeán na Gaeilge de, srl. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh an caighdeán céanna á húsáid sna Billí ar fad agus go mbeadh sé sin lárnaithe. Ní fheicim cén chaoi go gcuirfeadh sé sin breis costas ar Thithe an Oireachtais. Molaim don Aire Stáit é sin a thógáil ar bord. Má tá aistriú á dhéanamh ag daoine seachas na hoifigigh i Rannóg an Aistriúcháin, ba cheart an téacs a chur faoi bhráid Rannóg an Aistriúcháin le sórt séala a chur air ionas go mbeimid in ann a rá go bhfuilimid sásta leis agus go bhfuil sé ar an gcaighdeán céanna. Is iad sin go bunúsach na moltaí a bhí á gcur chun cinn againn. Ní dóigh liom go bhfuil aon chonspóid mhór ag baint leo. Is féidir na leasuithe seo a dhéanamh gan aon chostas breise a chur ar an Stát.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.