Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

4:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá iontas orm gur rialaíodh na leasuithe as ord, ach glacaim le rialú an chathaoirligh. Baineann an bun cheist anseo le cearta teanga, cearta na Gaeilge agus cearta na Gaeltachta agus an dea shampla atá muid in ainm agus a bheith ag léiriú anseo i dTithe an Oireachtais ó thaobh úsáid na Gaeilge de. Tá sé ráite agam cheana go molaim an tAire Stáit faoi an Bille seo a thabhairt chun cinn. Ceann de na heasnaimh a léiríodh dom sa Bhille seo ón dream a raibh mé ag plé leo ná gurb é an fáth go bhfuil an faillí ann cheana - ní ar watch an Aire Stáit a tharla an faillí seo ach ar watch an Rialtais roimhe seo - go bhfuil an oiread de backlog de na hAchtanna le n-aistriú go dtí seo, ná mar gheall nach mbíonn Billí dhá fhoilsiú go comhuaineach.

Céim ar chúl a bhí ann nuair a tháinig reachtaíocht os ár gcomhair roinnt míonna ó shin a bhain den dualgas go gcaithfear na Billí a fhoilsiú go comhuaineach ar an Idirlíon. Cothaíonn sin easpa misnigh i measc pobal na Gaeilge ó thaobh na straitéise 20 bliain atá á chur chun cinn ag an Aire Stáit. Dá bhfoilseofaí Billí de réir mar a thagann siad chun cinn i nGaeilge agus i mBéarla, déarfadh sin go bhfuil an Aire Stáit, mar Aire Gaeltachta, ag rá go bhfuil sé ag seasamh go láidir ar son na Gaeilge mar an chéad teanga sa tír seo. Léireodh sé dea shampla freisin ó thaobh Aontas na hEorpa de mar throid muid go láidir ar son stádas don teanga ann. Tá sé an deacair a bheith ag cur cháis chun cinn ó thaobh stádas na Gaeilge san Eoraip agus a bheith ag cuartú breis acmhainní agus mar sin ó thaobh na Gaeilge de san Eoraip muna bhfuil muid á dhéanamh anseo muid féin i dTithe an Oireachtais.

An rud gur dóigh liomsa gur cóir a bheith dhá dhéanamh againn agus an leasú gur bhreá liom a bheith feicthe tagtha chun cinn ón Aire Stáit féin ná go gcuirfear foráil isteach sa Bhille seo a dhéanfadh cinnte go ndéanfaí aistriúcháin ar na Billí a cuirtear os comhair Tithe an Oireachtais.

Sílim gur ait an rud é, i ndáiríre, go bhfuiltear ag rá go mbeidh costas breise le sin. Tá ciall áirithe ag baint le lárnú na seirbhísí seo. Dúirt an tAire Stáit go mbeadh na seirbhísí aistriúcháin a bhaineann leis an gcaighdéan oifigiúil agus le Billí Oireachtais istigh faoi Rannóg an Aistriúcháin. Dúirt sé go bhfuil foireann dóthanach sa rannóg, tar éis d'oifigigh teacht ón gcoiste a bhí ag oibriú sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus go bhfuil roinnt acmhainní sna Ranna eile chun aistriúcháin a dhéanamh. Bheadh sé tairbheach dá mbeimid in ann a chinntiú go ndéanfar an éagóir seo atá á dhéanamh ar phobal na Gaeilge ina cheart.

Ní fheicim cén fáth an bhfuil leasú Uimh. 2, a deir "cinnteoidh an Coimisiún go ndéanfar an reachtaíocht atá gan aistriú agus ar gá fós í a aistriú isteach i dteanga amháin nó i dteanga eile de na Teangacha Oifigiúla, amhail ar mhí Dheireadh Fómhair 2012, a aistriú amhlaidh tráth nach déanaí ná mí na Nollag 2014.", rialaithe as ord. Tá an tAire Stáit ag rá go ndéanfar é sin ar aon chuma. Dúirt sé go rachfaidh an coimisiún i ngleic leis an méid Achtanna atá le foilsiú go fóill, ach tá an moladh atá déanta againn go gcuirfí spriocdáta le sin rialaithe as ord. Go bunúsach, táimid ag iarraidh go ndéanfaí é seo roimh deireadh mí na Nollag 2014. Tá sé deacair a thuiscint conas is féidir a rá go gcuirfidh an leasú atá curtha chun cinn agam costas ar an Stát, ach nach gcuirfidh an Bille atá curtha chun cinn ag an Aire Stáit costas breise ar an Stát. B'fhearr gan dul sa mhéarfhadachas leis na riaráistí atá ann ó thaobh na hAchtanna. Ba cheart na hacmhainní cuí a thabhairt do Rannóg an Aistriúcháin le go ndéanfar cinnte go mbeidh na hAchtanna seo aistrithe in am tráth. Cén fáth nach ndéanfaí é seo? Cén fáth nach gcuirfí spriocdáta le seo? Ba cheart mí na Nollag 2014 a leagadh síos mar spriocdáta. Nílimid ach ag plé le leasuithe Uimh. 1 agus 2 sa chás seo. An bhfuil an Cathaoirleach Gníomhach ag rá go bhfuil leasú Uimh. 3 as ord chomh maith?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.