Seanad debates

Wednesday, 10 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Second Stage

 

12:20 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit arís. Geallaim nach mbeidh mé ag siúl amach inniu air fad agus atáimid ag plé an Bhille seo. Fáiltím roimh an Bhille go ginearálta. Tá go leor rudaí le moladh agus tá moltaí agam le cur leis agus bheinn sásta dá n-éistfeadh an tAire Stáit leo agus iad a thógáil ar bord. Fáiltím roimh na feidhmeannaigh ón Roinn chomh maith a rinne cur i láthair cuimsitheach aréir dúinn ar an méid atá sa Bhille. Cé go bhfuil an Bille beag, tá sé iontach tábhachtach.

Ní aontóinn leis an Seanadóir Ó Domhnaill. Thagair sé don am nuair a thagann muintir Thír Chonaill go Conamara agus labhraíonn siad Béarla ann agus go dtuigimid ar fad a chéile. Ní tharlaíonn sin an t-am ar fad. An rud faoin chaighdeán dar liom ná go bhfuil sé ann maidir le gnóthaí oifigiúla an Stáit trí mheán na Gaeilge. Tá caighdeán againn sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Iodáilis má tá duine ag scríobh litir fhoirmeálta nó ag déanamh Achta a bhaineann le Tithe an Rialtais. Ní mór dó bheith sa chaighdeán oifigiúil a bhaineann le hobair oifigiúil an Stáit. Sin an tuiscint atá agam ar an gcaighdeán oifigiúil. Ní chuireann sé sin cosc ar bith orainn ár gcuid canúintí a úsáid agus is breá an rud na canúintí a chloisteáil i nGaeilge agus i mBéarla sa tír seo. Tá saibhreas an Bhéarla sa tír seo ó thaobh canúna atá aitheanta go hidirnáisiúnta ó thaobh na litríochta agus mar sin. Ní dóigh liom gur féidir linn a rá fiú ó thaobh an Bhéarla de go labhraímid an teanga chéanna sna ceantair éagsúla. Go deimhin, labhraímid Béarla difriúil i mbeagnach chuile contae in Éirinn agus tá sé tábhachtach a aithint ó thaobh an chaighdeáin de go mbaineann sé le hobair oifigiúil Stáit a dhéanamh. Tá sé tábhachtach sa chás sin go mbeimis soiléir ar céard é an caighdeán oifigiúil ó thaobh na Gaeilge de.

Tá an-obair déanta ag an gcoiste a bhí ag obair faoi scáth na Roinne ar an chaighdeán. Bhí daoine ansin a rinne obair dheonach agus tá siad le moladh go mór as ucht na hoibre sin. Impím ar an Aire Stáit go gcaithfear na moltaí atá déanta acu a thógáil ar bord sa Chaighdeán Oifigiúil. Níl a fhios agam cén phlé a bhí ann idir Rannóg an Aistriúcháin anseo agus an coiste go dtí seo ach mholfainn gur chóir go mbeadh cruinnithe idir an dá dhream leis an méid oibre a bhí déanta a thógáil ar bord agus a chur san áireamh. Cé go mbeidh an caighdeán oifigiúil againn ó thaobh obair Stáit, nílimid ag iarraidh nach mbeadh muid in ann ach oiread roinnt de shaibhreas na teanga ó thaobh na Gaeilge agus na gceantar agus na gcanúintí éagsúla a thógáil san áireamh agus an caighdeán á úsáid.

Tá a fhios againn go bhfuil riaráistí go leor ann ó thaobh Billí atá le haistriú. I ndáiríre, faoi láthair tá Rannóg an Aistriúcháin ag coinneáil suas chun dáta leis an méid a dhéantar gach bliain. Baineann na riaráistí leis na blianta 1992 go dtí 2006. Tá an fhadhb seo ag eascairt as na Rialtais a chuaigh roimh an Rialtas faoi láthair nár chuir na hacmhainní ar fáil chun na Billí seo a aistriú. Ba mhór an náire dóibh sin agus ba chóir go mbeadh na hacmhainní sin curtha ar fáil ag an am ionas nach mbeimis sa chás ina bhfuilimid.

Mar dhuine a bhíonn ag labhairt na Gaeilge sa Teach seo, caithfidh mé ard-mholadh a thabhairt do Rannóg an Aistriúcháin. Tá an-chomhoibriú faighte againn uaithi ó thaobh bheith ag labhairt anseo agus i gcónaí má táimid ag iarraidh comhairle nó tacaíochta, tá sé le fáil ón rannóg agus molaim go hard í mar gheall air sin. Ba cheart go mbeimis ag breathnú ar chur leis na seirbhísí go bhfuil cead ag an rannóg a chur ar fáil.

Aontaím leis an phrionsabal sa bhunphointe atá ag an Aire Stáit go mbeimis ag lárú na háite ina bhfuil an caighdeán, nach mbeadh dhá nó trí ghrúpa ag rá linn gur leosan an caighdeán agus go mbeadh raic agus éasaontú faoi. Ar a laghad, má tá sé láraithe, déanann sé ciall. Feictear dom go bhfuil an tAire Stáit á lárú ar bhealach amháin ach á dhílárú ar bhealach eile. Tá an tAire Stáit ag rá go mbeidh an cúram ar Rannóg an Aistriúcháin ach ansin deir sé go mbeidh cead ag Ranna Stáit eile a gcuid aistriúcháin féin a dhéanamh. Ní bheidh dualgas ar na daoine sna Ranna Stáit eile sin dul i gcomhairle le Rannóg an Aistriúcháin nó a gcuid oibre a chur faoi bhráid na rannóige. Ní dhéanann sin aon chiall. Tá sé tábhachtach go mbeadh an focal deiridh a bheith ag aonad amháin sna haistriúcháin a dhéanfaí. Is fiú mar sin athbhreithniú a dhéanamh ar alt 3(2)(c) agus (d) sa chás sin. Tuigim go bhfuil acmhainní ag cuid de na Ranna éagsúla mar bíonn cuid mhaith aistriúcháin ar siúl iontu ach ba cheart iad sin a chur faoi bhráid Rannóg an Aistriúcháin le cinntiú go bhfuil an rud atá aistrithe ag cloí leis an chaighdeán atá leagtha síos. Seans nach mbeadh mórán coimhlinte ansin ach bheadh sé tábhachtach é a dhéanamh.

Pointe eile ar thagair an Seanadóir Ó Domhnaill dó ná aonad an aistriúcháin san Aontas Eorpach. Ní dóigh liom go bhfuil ceangal oifigiúil Stáit eadrainn agus an tAontas Eorpach ó thaobh úsáid na Gaeilge san Eoraip agus ba chóir breathnú air sin. Má tá caighdeán oifigiúil á úsáid anseo, ba chóir go mbeadh an caighdeán oifigiúil céanna á úsáid san Aontas Eorpach ag na haistritheoirí atá ag feidhmiú ansin. Níl mé cinnte cad é an mheicníocht go díreach a dhéanfadh sin ach bheadh sé tábhachtach go mbeadh an dá chaighdeán lena chéile. Tuigtear dom go bhfuil bac á chur ar mhéadú úsáid na Gaeilge san Eoraip mar gheall ar easpa aistritheoirí, b'fhéidir go mbeadh soiléiriú ag an Aire Stáit faoi sin. Cinnte, ní raibh dóthain aistritheoirí curtha ar fáil go bhféadfaí iarratas a dhéanamh ar an gCoimisiún go leanfaí an méid seirbhísí trí Ghaeilge a cuireadh ar fáil san Aontas Eorpach agus an fhostaíocht dá réir. Tá an ceangal leis an Aontas Eorpach fíor-thábhachtach má táimid chun stádas na Gaeilge san Aontas a mhéadú.

Bheinn amhrasach dá mbeimis chun cead a thabhairt do na Ranna a gcuid aistriúcháin féin a dhéanamh go ndéanfaidís é, go háirithe dá mbeadh táillí le baint de chuid de na Ranna as seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil. An taithí atá agam, agus níl mé i bhfad sna Tithe seo, ná go bhfuil cuid mhaith Ranna nach bhfuil dúil acu bac leis an Ghaeilge, beag nó mór, agus bheinn an-amhrasach go mbeidís ag cur na Gaeilge agus aistriú Billí ar bharr an liosta. B'fhearr liomsa go mór fada go mbeadh an rud ar fad lonnaithe faoin aon aonad amháin, Rannóg an Aistriúcháin, agus go bhféadfaí na hacmhainní aistriúcháin sna Ranna eile a thabhairt isteach faoi scáth na rannóige nó go bhféadfaí breis acmhainní a chur ar fáil don aonad chun aistriú a dhéanamh do na Ranna ar fad le cinntiú go gcuirfear an obair seo i gcrích.

Tá ard-mholadh ag dul do chuid de na Seanadóirí a bhíonn anseo agus Teachtaí Dála. Ó tháinig mise anseo os cionn bliana ó shin, tá iarracht á déanamh acu ó thaobh úsáid na Gaeilge agus tá cuid mhaith acu ag déanamh ranganna Gaeilge agus mar sin. Molaim go hard iad agus impím orthu fiú an cúpla focal féin atá acu a úsáid. Rud is féidir a dhéanamh ná cead a thabhairt faoin mBille seo cead do Rannóg an Aistriúcháin cabhrú le Seanadóirí agus Teachtaí Dála atá ag iarraidh óráide a dhéanamh as Gaeilge. Nílimid ag iarraidh go scríobhfaidís an chuid pholaitiúil san óráid ach má tá an méid sin scríofa go mbeadh seirbhís ar fáil le cuid den óráid a aistriú le gur féidir le Baill é a léamh sna Tithe.

I measc na rudaí ba mheasa a tharla ó thaobh seirbhísí Stáit trí Ghaeilge ná gur cuireadh deireadh le Gaeleagras. Tá sé tábhachtach go mbreathnófar air sin arís ó thaobh na seirbhísí atá ar fáil ionas go mbeidh deis ann leithéid de Ghaeleagras a bhunú arís agus go mbeidh deis ag Státsheirbhísigh agus na daoine atá ag feidhmiú sna Tithe anseo an Ghaeilge a chleachtadh sna ceantair Ghaeltachta ar chúrsaí le gur féidir leo í a úsáid ina gcuid oibre. Tá ard-mholadh ag dul do chuid mhaith den fhoireann anseo i dTithe an Oireachtais. Mar gheall go mbím feiceálach ó thaobh na Gaeilge de, is iomaí duine anseo nach mbeinn ag súil leis a labhair an Ghaeilge liom agus ag a bhfuil Gaeilge líofa.

Tá sé tábhachtach go nglanfaí na riaráistí sin chomh luath agus is féidir. Ní dhearna an Rialtas deireanach nó na Rialtais a chuaigh roimhe é sin. Táimid ag coinneáil suas chun dáta leis na hAchtanna go dtí seo ach ní mór don Aire Stáit beart a dhéanamh de réir briathair leis an Bhille seo agus na hacmhainní a chur ar fáil go luath leis na riaráistí sin ó thaobh Billí a aistriú. Maidir leis an choiste chomhairleach a bhí ann, is daoine iad a chur a gcuid saineolais ar fáil saor in aisce mar gheall ar an tsuim agus ar an ghrá atá acu don teanga. Fiú má tá gach rud láraithe faoi Rannóg an Aistriúcháin anseo, tá ról ann don choiste chomhairleach fós, do dhaoine atá ag obair i saol na Gaeilge, i measc an phobail agus sna hinstitiúdaí tríú leibhéal ag a bhfuil saineolas acu sa Ghaeilge, comhairle a chur ar fáil do Rannóg an Aistriúcháin de réir mar a eascraíonn sé ó am go chéile.

Tá gá le hacmhainní, tacaíocht agus an rud a chur i gcrích. Molaim an Bille, áfach, tá ciall áirithe ag breathnú ar an rud a lárú. Céim dhearfach chun cinn é agus mura dtiocfadh aon athrú air idir seo agus Céim an Choiste, beimid sásta tacú leis. Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit as ucht é a thabhairt os comhair an Tí inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.