Seanad debates

Wednesday, 10 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Second Stage

 

12:00 pm

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Ba bhreá liom cúpla rud a rá agus ceist nó dhó a chur. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is léir go bhfuil Bille ciallmhar os ár gcomhair. Cinnteoidh an dea-riarachán seo go mbeidh seirbhís lárnach ar fáil agus nach mbeidh aon easaontas nó amhras faoin gcaighdeán. Tá an ceart ar fad aige gur chóir go mbeadh foinse amháin údarásach ann ó thaobh caighdeán na Gaeilge de. Cé go raibh sé aisteach, tuigim na cúiseanna go raibh an ionad aistriúcháin sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó an Roinn mar a bhí sí. Is léir go bhfuil sé ciallmhar go mbeidh gach rud lárnaithe i Rannóg an Aistriúcháin de chuid Coimisiún Thithe an Oireachtais amach anseo.

Is mian liom cúpla ceist a chur ar an Aire Stáit. I mo thuairim, mar ghnáth-Bhall an Oireachtais, ba cheart go mbeadh daoine in ann teacht ar aistriúcháin Gaeilge de reachtaíocht atá ag dul tríd na Tithe. Ní maith an rud é go bhfuil moill mór ann faoi mar atá sé. Deirtear liom go bhfuil go leor Achtanna an Oireachtais nach bhfuil aistrithe go fóill. Níl sé sin inghlactha i gcomhthéacs seasamh oifigiúil na teanga sa Bhunreacht agus an aidhm atá againn uilig sa tír seo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is bocht an scéal é, i ndáiríre, más féidir a rá nach bhfuil aistriúcháin déanta cheana féin ar go leor Achtanna an Oireachtais, gan trácht ar ionstraim reachtúla.

An tseachtain seo caite, nuair a bhí mé ag ullmhú don díospóireacht ar an mBille a chur tús leis an reifreann faoi chearta na bpáistí, rinne mé iarracht aistriúcháin Ghaeilge ar frása nó dhó sa leagan Béarla a fháil. Ba léir nach raibh aon leagan Gaeilge ann. Go bhfios dom - má tá dul amú orm, is féidir leis an Aire Stáit é sin a rá - ní féidir linn mar pholaiteoirí teacht ar leagan Gaeilge de reachtaíocht ag an bpointe tábhachtach nuair atá cur agus cúiteamh faoi bhrí na reachtaíochta, agus na hathruithe gur chóir a dhéanamh, ar siúl againn. Níl a fhios agam céard a tharlaíonn i dTionól Náisiúnta na Breataine Bige. B'fhéidir go bhfuil a fhios ag an Seanadóir Ó Clochartaigh cad a tharlaíonn ann.

Má tá polasaí dátheangach le bheith ann, ba chóir go mbeadh sé soiléir go bhfuil daoine dáiríre faoi. Ní dóigh liom go bhfuil sé ciallmhar nó inghlactha nach bhfuil leagan Gaeilge de Bhillí ar fáil nuair atá siád á phlé ag polaiteoirí. Déantar go leor rudaí. Is dócha go raibh aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge ar fáil inniu nuair a bhí an tAire Stáit ag caint. Bíonn sé ar fáil sa Dáil freisin. Is é an coincheap laistiar de sin ná gur chóir go mbeadh polaiteoirí in ann a gcuid gnó a dhéanamh agus rudaí a mholadh trí Ghaeilge. Ba cheart go mbeadh siad in ann díospóireachta trí mheán na Gaeilge a bheith acu nuair atá siad ag iarraidh athruithe a dhéanamh ar ghnéithe reachtaíochta.

Muna bhfuil an reachtaíocht atá á phlé ar fáil i nGaeilge, tá sé ar nós gur cuma leis an Rialtas. Caithfear breathnú ar an ghné sin den cheist. Tá a fhios agam go bhfuil seo casta agus go gcuirfidh sé leis an t-ualach ar an Stát Seirbhís. Dá mbeadh reachtaíocht á h-ullmhú le plé sa Dáil agus sa Seanad, bheadh gá le hathruithe le go mbeadh leagan Gaeilge ar fáil don reachtaíocht sin ag an bpointe sin. Má táimid dáiríre faoi dhátheangachas agus faoi chomhionnanas do lucht na Gaeilge, lucht úsáidte na Gaeilge agus lucht an Bhéarla, ba chóir, le bheith gairmiúil faoi, go mbeadh leagan Gaeilge den reachtaíocht ar fáil ag an bpointe sin.

Tuigim ón méid atá ráite gur éirigh an coiste saineolaithe as a gcuid oibre i Mí an Mheithimh 2011. Séard atá á dhéanamh ag an reachtaíocht seo anois ná féachaint chuige go mbeidh gach rud faoi Rannóg an Aistriúcháin. Fuair an tAire Stáit tuairisc ó na saineolaithe i Mí an Mheithimh na bliana seo caite. Cén fáth mar sin ar foilsíodh an leagan nua den Chaighdeán Oifigiúil le déanaí? Fuaireamar uilig sa phost inmheánach é. Os rud é go bhfuair an tAire Stáit toradh ón choiste saineolaithe i 2011, cén fáth nár tógadh na moltaí sin san áireamh ag an bpointe sin, sular cuireadh an t-eagrán seo i gcló le déanaí? Feicim go mbeidh leagan nua den Chaighdeán ar fáil laistigh de thrí bliana agus go gcuirfear na moltaí sin san áireamh. B'fhéidir nach dtuigim i gceart é, ach má bhí na moltaí réidh i lár na bliana seo caite, cén fáth nár tógadh san áireamh iad roimhe seo, sular cuireadh an leabhar nua seo i gcló le déanaí agus sular caitheadh an t-airgead uilig a bhain leis? Bheinn buíoch don Aire Stáit dá mbeadh sé in ann cabhrú liom sin a thuiscint.

D'éist mé leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill maidir leis na sagairt a bheith ag imeacht ón gcaighdeán oifigiúil. Is dócha dá mbeadh an Pápa Benedict anseo, bheadh sé ag rá: "Tuigim do chás". Its ridiculous to think of na sagairt ag imeacht ón gcaighdeán oifigiúil. Ach, is dócha go mbeidh an teannas sin ann i gcónaí idir An Caighdeán Oifigiúil agus an Ghaeilge mar a labhartar í agus na canúintí éagsúla agus mar sin de. Mar dhuine a d'fhoghlaim go leor de mo chuid Gaeilge sa scoil, ní bheadh an scolaíocht éasca dúinn muna mbeadh An Caighdeán ar fáil dúinn.

Tréaslaím leis an Aire as an méid atá déanta anseo. Creidim go bhfuil sé ciallmhar. Ba bhreá liom go mbeadh na hacmhainní cuí ar fáil do Rannóg an Aistriúcháin le gur féidir leo déileáil leis an riaráiste agus le gur féidir leo cur le próiseas óna mbeidh amach anseo leagan Gaeilge de reachtaíocht ar fáil ag an bpointe ag a bhfuilimid á phlé. Dála an scéil, luaitear anseo go mbeidh sé de chead leagan nó aistriúchán a fháil in áiteanna eile. Conas a tharlóidh sé sin? I measc na moltaí, deirtear go mbeidh Airí, nó daoine seachas Airí, in ann a chinntiú go mbeidh reachtaíocht nó ionstraim reachtúla déanta seachas ag Rannóg an Aistriúcháin. Cé a bheadh i gceist ansin agus cén seasamh a bheadh ag na haistriúcháin sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.