Seanad debates

Wednesday, 10 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Second Stage

 

12:30 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí go léir a labhair ar an Bhille seo agus cuirim fáilte roimh go raibh siad an-deimhneach agus go raibh tuiscint ar cad é atá i gceist againn leis an Bhille seo. Mar atá ráite, bhí dhá Roinn go dtí seo le tamall anuas ag plé le gramadach na Gaeilge. Cothaíonn sin deacraíochtaí, níl aon dabht faoi sin. Is é croí-lár an Bhille seo ná comhtháthú a dhéanamh idir Rannóg an Aistriúcháin agus an lárionad aistriúcháin atá ansin ó 2008.

Tá siad ag obair le chéile i láthair na huaire. Tabharfaidh an reachtaíocht seo, a bheidh os comhair na Dála go luath, seasamh reachtúil don mhéid atá ag dul ar aghaidh faoi láthair. Is cainteoir dúchais mé. Tá cainteoirí dúchais eile sa Teach chomh maith. Tá daoine anseo a d'fhoglaim a gcuid Gaeilge i gCúige Uladh, i gCúige Chonnacht agus i gCúige Mumhan. Tá canúintí éagsúla sa Teach.

Mar atá ráite ag an Seanadóir Moran, tá canúintí i ngach teanga, fiú amháin Béarla. Tá difríocht mhór idir an chanúint a labhrann muid thuas i nDún na nGall agus na canúintí i mBaile Átha Cliath, i gContae Chorcaí, i gContae Chiarraí nó i gContae Lú. Sa Bhreatain Mhór, mar shampla, is mór an difríocht atá idir an Béarla a labhraítear in Albain agus an Béarla a labhraítear i gCorn na Breataine, sa Bhreatain Bheag nó i Yorkshire. Tá na canúintí ann. Nuair a thagann sé go dtí an Béarla scríofa, áfach, tá caighdeán náisiúnta ann. Sílim gur céim mhór ar aghaidh a bheidh ann ó thaobh na Gaeilge nuair a bheidh caighdeán náisiúnta amháin leis an teanga a scríobh. Beidh daoine fós in ann a rogha canúint a úsáid, agus is maith an rud é sin. Dá n-imeodh na canúintí, cailliúnt mhór a bheadh ann. Céim ar aghaidh mhór a bheidh ann nuair a bheidh caighdéan oifigiúil scríofa againn. Tabharfaidh sé misneach do mhic léinn agus daoine eile a bhainfidh úsáid as agus an Ghaeilge á scríobh acu. Tá sé sin an-tábhachtach ar fad.

Chuir Rannóg an Aistriúcháin an chéad Caighdeán Oifigiúil Gaeilge ar fáil sa bhliain 1958 - beagnach trí scór bliain ó shin. Is cuimhin linn go léir an leabhar glas. Táimid ag obair leis an gcaighdeán sin le beagnach 60 bliain. Tá sé thar am é a thógáil suas chun dáta. Tá sé ráite sa reachtaíocht seo go ndéanfar athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil "gach 7 mbliana ar a laghad". Tá sé ráite agam go ndéanfar an chéad scrúdú eile ar an gcaighdeán taobh istigh de thrí bliana. Is cinnte go raibh cainteoirí dúchais, scríobhneoirí, acadóirí, daoine as na hollscoileanna agus daoine le eolas ar logainmneacha i measc na saineolaithe a d'oibrigh i lár-ionad mo Roinne a bhí thall i mBóthar Mespil. Ba mhaith liom arís mo bhuíochas a chur in iúl dóibh siúd a tháinig go dtí an rannóg go rialta chun a gcuid saineolais a chur ar fáil.

D'iarr Seanadóirí cén fáth nár foilsíodh an chaighdeán eile. Tá sé an-deacair é a fhoilsiú. Bhí Rannóg an Aistriúcháin ag teacht amach le leagan suas chun dáta den chaighdeán. Dá mba rud é go raibh an cheann eile curtha amach le imprimaturan Rialtais, bheadh na daoine amach ansin curtha amú. Ní bheadh a fhios acu cén caighdeán a mheas mar an ceann ceart. Agus é sin ráite, tá sé iontach tábhachtach go mbeidh an corpus oibre a rinne an ghrúpa seo ar fáil do Rannóg an Aistriúcháin agus go ndéanfar scrúdú air. Nuair a thiocfaidh an chéad eagrán eile amach i gceann trí bliana, bainfear úsáid as cuid de na moltaí a rinne siad.

Iarradh orm cé hiad na saineolaithe a thiocfaidh isteach. De réir na reachtaíochta seo, beidh cead ag Rannóg an Aistriúcháin cuireadh a thabhairt do shaineolaithe - iad siúd a chabhraigh leis an lár-ionad aistriúcháin, b'fhéidir, nó daoine eile nach bhfuil eolas againn fúthu go fóill - teacht isteach. Má tá eolas nó moltaí le soláthar acu, beidh siad ar fáil. Ar ndóigh, beidh sé sin ag brath ar Rannóg an Aistriúcháin.

Bhí cúpla pointe le déanamh ag an Seanadóir Ó Domhnaill. Bhí sé in amhras i dtaobh cumas Rannóg an Aistriúcháin cur faoin obair bhreise seo. Tá an-dóchas agam go n-éireoidh leo é sin a dhéanamh nuair a bheidh an Bille seo rite. Tá an dá fhoireann tagtha le chéile anois.

Dúirt an Seanadóir Mullen, nach bhfuil anseo, agus an Seanadóir Ó Clochartaigh gur chóir go mbeadh reachtaíocht ar fáil sa dá theanga ag an am céanna. Sílim gur ndearna cúpla duine eile an pointe céanna. Aontaím ar fad gur chóir go mbeadh sé mar sin. Tá mé cinnte go mbeidh sé ar chumas Rannóg an Aistriúcháin tabhairt faoi sin. Baineann an deacracht mhór leis na 700 nó 800 hionstraimí reachtúla nach bhfuil aistrithe. Dúirt an Ard-Chúirt gur chóir iad a aistriú, ach dúirt an Chúirt Uachtarach nach gá iad a aistriú muna mbíonn éileamh orthu. Agus é sin ráite, ní shílim go bhfuil sé inghlactha go bhfuil 700 nó 800 ionstraimí ina luí ansin. Is é an cuspóir a bheidh againn agus na bliana amach romhainn ag imeacht ná greim a fháil orthu agus iad go léir a thabhairt suas chun dáta. Sílim go mbeidh an Bille seo ina chabhair ag na haistritheoirí agus iad ag iarraidh é sin a dhéanamh.

D'iarr an Seanadóir Mullen agus daoine eile an mbeidh cead ag Rannóg an Aistriúcháin cabhair a fháil ó dhreamanna taobh amuigh. Is fíor go bhfuil go leor comhlachtaí príobháideacha a bhfuil sé ar a gcumas acu aistriúcháin a dhéanamh agus daoine le cáilíochtaí fostaithe acu. Ba mhaith liom a rá go ndéanfar profáil ar aon reachtaíocht a chuirtear amach go dtí na comhlachtaí sin nuair a thiocfaidh sé ar ais. Caithfidh Rannóg an Aistriúcháin bheith sásta leis an rud atá déanta acu. Sílim go mbainfear úsáid as seift nó scéim den chineál sin más rud é go mbeidh sé ina chuidiú. B'fhéidir go mbeimid in ann cuid de na hionstraimí reachtúla a chur amach go dtí na comhlachtaí príobháideacha, má chabhródh sé sin linn iad a thabhairt suas chun dáta. Caithfidh siad cloí leis an gCaighdéan Oifigiúil de réir Rannóg an Aistriúcháin, a dhéanfaidh profáil ar a gcuid oibre.

Aontaím leis an Seanadóir Noone, a dúirt go mbeidh an córas seo níos éifeachtaí agus proifisiúnta. Dúirt sí freisin go rachfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais i gcomhairle leis na hAirí eile má tá aon athbhreithniú le déanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil. Tá sé sin soiléir sa Bhille.

Caithfidh mé a rá leis an Seanadóir Heffernan nach raibh a fhios agam, leis an fhírinne a rá, gur tháinig an Cló Rómhánach isteach sna 30dí. Is féidir liom a mhíniú nach raibh mé ar scoil sna 30dí. B'fhéidir gur rinneadh an athrú sna 30dí ach níor tháinig sé isteach sna scoileanna go dtí na 50dí agus na 60dí. Déarfainn go raibh uncail an tSeanadóra ag insint na fírinne. Tá súil agam go bhfuil sé beo go fóill. Is maith an rud gur tugadh isteach é. Bhí an cló Gaelach an-deas, ach bhí sé ag cruthú deacrachtaí chomh maith. Tá an Cló Rómhánach againn anois agus is cló idirnáisiúnta é.

Tá an Seanadóir Conway imithe. Tá na haistriúcháin ar thuairiscí a luaigh sé á dhéanamh de bharr forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. I láthair na huaire, tá athbhreithniú - review - á dhéanamh ar an Acht sin. Nuair a bheidh an t-athbhreithniú sin ar siúl, ba cheart dúinn a chinntiú go mbeidh an toradh is fearr ar an t-airgead a chuirtear isteach. Tá airgead agus acmhainní gann faoi láthair. Caithfear cinneadh a dhéanamh an fiú an oiread sin airgead a dhíol ar phlean forbartha Chontae an Chláir, mar shampla, nuair a d'fhéadfadh muid é a úsáid chun tacaíocht a thabhairt do scoláirí Gaeilge, coláistí samhraidh, campaí samhraidh, an clár tacaíochta teaghlaigh, srl. Is é sin an rud atá á scrúdú againn san athbhreithniú. B'fhéidir gur fiú éisteacht le comhairle na Seanadóirí a labhair inniu. B'fhéidir nach bhfuil an toradh is fearr ag teacht as an airgead sin.

Níl a fhios agam an gcosnaíonn sé ¤60,000 nó ní hé go ndeireann an Seanadóir go gcosnaíonn sé ¤60,000, ach tá seacht leabhar ann agus cosnaíonn sin airgead mór. Mar a dúirt mé, tá an t-athbhreithniú ag dul ar aghaidh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus beimid ag scrúdú pointí a d'ardaigh Seanadóirí sa Teach.

Ní dóigh liom go bhfuil aon cheist eile, ach ar ndóigh, tá mé thar a bheith buíoch go bhfuil dearcadh deimhnitheach ag Seanadóirí ar seo agus táim buíoch as an dearfacht atá ann é a thabhairt le chéile, caighdeán amháin a bheith ann agus an luach is fearr a fháil ar na hacmhainní atáimid ag cur isteach ann. Beidh an Bille anseo arís an tseachtain seo chugainn agus go dtí sin beidh machnamh á dhéanamh agam féin agus ag na hoifigigh ar na pointí a ardaíodh anseo.

Táim cinnte go mbeidh leasuithe á moladh ag Seanadóirí agus má táimid go léir dáiríre, uilig ar aon intinn agus sílimid go bhfuil na leasuithe fiúntach, go bhfuil fiúntas ar bun leo agus go bhfuil siad praiticiúil, tógfar san áireamh iad. Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, tá intinn oscailte agam. Sílim, nuair a bheidh sé seo reachtaithe, go mbeidh a fhios againn go léir cá seasaimid chomh fada agus a bhaineann sé leis an gCaighdeán Oifigiúil.

Arís, gabhaim míle buíochas le Seanadóirí as an méid a bhí le rá acu. Beidh mé ag dúil go mór le bheith anseo arís an tseachtain seo chugainn nuair a bheimid ag dul tríd Céim an Choiste den Bhille seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.