Seanad debates
Thursday, 28 June 2012
Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage
11:00 am
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Ní dhéanfaidh mé athrá ar an méid a dúirt mé. Fáiltím roimh an tacaíocht theicniúil ansin. Gan dabht tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an córas aistriúcháin sa Teach ag feidhmiú agus molaim na Seanadóirí a bhíonn ag úsáid an chórais sin agus molaim na haistritheoirí agus lucht teicniúla a chuireann ar fáil é.
Bhí mé ag moladh go gcuirfear teorainn ama leis an am a gcuirfear an tAcht i bhfeidhm ann mar tá imní orm go bhfágtar an iomarca cumhachta i lámha an Aire. Níl an tAire féin go pearsanta i gceist agam, déarfainn an rud céanna dá mbeadh Aire de chuid Sinn Féin ann. Is féidir an tAcht seo a chur i gcrích de réir mar a fheileann an tAire ag aon am is maith leis. Táimid ag moladh go gcuirfear seo i ngníomh sé mhí tar éis an lae a rithfear an tAcht.
No comments