Seanad debates

Thursday, 28 June 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage

 

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

I move amendment No. 1:

In page 6, subsection (2), lines 16 to 20, to delete all words from and including "Act," in line 16 down to and including "provisions" in line 20 and substitute the following:

"Act comes into operation six months following the day the Act is passed".

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus leis an Roinn mar gheall gur cuireadh siar Céim an Choiste den Bhille toisc go raibh go leor leasuithe le cur. Mar is léir ón liosta leasuithe, bhí cuid mhaith rudaí le plé againn maidir leis an mBille seo. Bhí sé tábhachtach go dtabharfar am faoi leith do Chéim an Choiste. Tuigim go raibh fuinneamh ar leith ann in óráid an Aire Stáit ar an Dara Céim den Bhille agus molaim sin ach tá riar maith bunfhadhbanna leis an Bhille agus sin atáimid ag iarraidh a phlé ar an Chéim seo go háirithe. Rachaimid tríothu de réir a chéile.

Molaim an chéad leasú seo in alt 1(2), na focail go léir ó "seo," síos go dtí "éagsúla.", agus na focail sin san áireamh, a scriosadh agus "seo i ngníomh sé

mhí tar éis an lae a rithfear an tAcht." a chur ina n-ionad. Tá sé tábhachtach go gcuirfear teorainn ama leis an gcuid seo den Bhille. Cuid den imní atá orainn ná cé chomh scaoilte agus atá an Bille seo agus an méid cumhachta atá sé ag fágáil i lámha an Aire. Ní aon locht pearsanta é sin ar an bhfear atá sa chathaoir i láthair na huaire, ba chuma cé a bheas ann mar Aire , nó ba chuma cén páirtí as a dtiocfadh sé, an iomarca cumhachta a fhágáil i lámha Aire ar bith. Seo ceann de na rudaí anseo chomh maith céanna, go bhfuilimid den tuairim go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfear teorainn ama, go háirithe i gcomhthéacs an staidéir chuimsithigh teangeolaíochta atá déanta maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.