Seanad debates

Wednesday, 9 May 2012

 

Leibhéal Foirne Scoileanna

6:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Táimid ag leanúint leis an téama céanna a bhí againn an tseachtain seo caite agus tá mé thar a bheith buíoch don Aire Stáit as ucht teacht isteach.

Táimid fós ag caint faoi na scoileanna beaga tuaithe agus an próiseas achomhairc a bhí ann mar gheall gur athraíodh na huimhreacha sa cháinfhaisnéis. Tá roinnt scoileanna tar éis iarraidh orm an cheist seo a chur maidir leis an gcoiste achomhairc a bhí i bhfeidhm. Tuigim gur coiste neamhspleách a bhí i gceist ón fhreagra a thug an tAire Stáit féin dom an tseachtain seo caite. Chuir mé ceist faoin iarratas ar an achomharc a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Theastaíonn ó roinnt scoileanna fáil amach cé atá ar an gcoiste agus an bhfuil Gaeilge acu chun na hachomhairc a cuireadh isteach a léamh agus a thuiscint nó an é gur aistríodh go Béarla iad? Ní raibh sin soiléir.

Bhí míshástacht i measc cuid de na scoileanna a chuir isteach litreacha i nGaeilge mar fuair siad freagraí i mBéarla ón Roinn. Níl sin sásúil d'aon duine. Sá chás áirithe a chonaic mé féin, bhí cuid den iarratas i mBéarla chomh maith so b'fhéidir gurb é sin an fáth, gur úsáid siad an leithscéal sin.

I ask the Minister of State to make a statement on the committee which has undertaken the review process which is independent of the Department and its capacity to do its work through the medium of Irish and whether the review documents submitted by the schools in question were translated in order that those sitting on the board could understand their contents.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.