Seanad debates

Tuesday, 1 May 2012

Report of Advisory Group to the Forum on Patronage and Pluralism in the Primary Sector: Statements, Questions and Answers

 

4:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Fáiltím roimh na tagairtí a rinne mo chomhghleacaí, an Seanadóir Harte, ó thaobh moladh a thabhairt don Aire Oideachais ó Thuaidh, agus an ceart ar fad aige. An rud is annamh is iontach. Cuirim fáilte roimh an Aire. Táimid thar a bheith buíoch dó as teacht isteach sa Teach.

Fáiltíonn Sinn Féin, go ginearálta, roimh an athchóiriú seo ar an gcóras oideachais. Dar linn, tá an athchóiriú i bhfad thar am ag teacht. Tá géar ghá leis. Bheimís ag impí ar an Aire bogadh ar aghaidh chomh tapaidh agus is féidir leis na moltaí a chur i bhfeidhm. De réir a chéile, tá i bhfad níos mó daoine ag teacht ó chúlraí éagsúla creidimh, teanga agus mar sin de. Rugadh agus a tógadh mé i Sasana agus cuireadh mé go dtí scoil Protastúnach. Chaith mé an chéad leath de mo shaol i scoileanna Protastúnacha ansin agus nuair a tháinig mé abhaile chuaigh mé go scoileanna Caitliceacha. Bhi sé iontach an t-oideachas leathan sin a fháil ins na creidimh éagsúla.

Tá sé fíor-thábhachtach gurb é rogha na dtuismitheoiri agus caighdeán an oideachais, ó thaobh na ndaltaí de, an rud atá taobh thiar den rud seo ar fad, chomh maith le haitheantas a thabhairt do gach creideamh agus do dhaoine nach bhfuil aon chreideamh ar bith acu.

Ba mhaith liom díriú ar ghné eile nach bhfuil mórán cainte déanta faoi, is é sin an ethos Gaeilge agus Gaeltachta atá tábhachtach inár gcuid scoileanna, agus aitheantas a thabhairt dó sin. Tá sé tábhachtach go mbéadh deis oideachas tré mheán na Gaeilge a fháil ar fud oileán na hÉireann in áit a bhfuil éileamh air sin. Glacaim leis go bhfuil iarrachtaí an-mhór a dhéanamh leis sin, agus d'fháilteoinn roimhe sin.

Ba mhaith liom fáiltiú freisin roimh an chomhoibriú Thuaidh-Theas atá ar siúl ag an Aire leis an Aire Oideachais ó Thuaidh, ó thaobh céimeanna a thógáil i dtreo oideachas a chur ar fáil thar Teorann. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt dos na ceantair a bhfuil gaelscoileanna ag teastáil. Tá cinntí á dhéanamh faoi láthair atá ag dul ó mheabhair do dhaoine. I nGaelscoil Mhic Amhlaidh i gCnoc na Cathrach, i nGaillimh, mar shampla, tá proiséas comhairleachán ar bun le scoil nua a thógáil sa gceantar sin. Tá sé léirithe go bhfuil spás ins na scoileanna mórthimpeall agus tá iarratas déanta ag Gaelscoil Mhic Amhlaidh féin le scoil buan a thógáil, áit a mbéadh níos mó daltaí a thógáil san áireamh ansin. Tá sé tábhachtach na scoileanna atá ann i láthair na huaire a thógáil san áireamh agus na cúinsí oideachais agus teanga agus ethos scoile a thógail san áireamh chomh maith céanna.

Samhlaítear dom gur cheist níos mó é seo ins na bailte móra seachas amuigh faoin dtuaith. Amuigh faoin dtuaith táimid ag feiceáil go bhfuil na ceantair á mbánú agus go bhfuil tarraingt siar ra líon na ndaltaí agus na múinteoiri ins na scoileanna beaga tuaithe. Mar shampla, tá a fhios ag an Aire go bhfuil iarratas istigh chun scoil nua a thógáil ar an gClochán. Caithfear cúinsí tuaithe a thógáil san áireamh ins na cinnti atá á dhéanamh. Tá cosúlacht ar an scéal, ins an athbhreithniú ar na huimhreacha ins na scoileanna beaga tuaithe atá déanta ag an Roinn, gur "bums on seats" an slat tomhais amháin atá ann, ó thaobh scoileanna beaga tuaithe mar shampla, in áit ceantar tuaithe a thógáil san áireamh, pobal a choinneáil beo, múinteoirí a choinneáil ins an cheantar agus an ethos gaeltachta a choineáil beo ins an cheantar. Tá ceist ardaithe agam faoi seo ar an Athló agus tá súil agam go mbeidh an t-Aire ábalta fanacht dó sin.

Tá sé tábhachtach dul i gcomhairle leis an bpobal nuair atá scoileanna le comhnascadh agus an pobal a cheannach isteach ins an chomhnascadh. Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil sé i bhfad níos deacra daoine a mhúineadh tré mheán na Gaeilge. Níl na háiseanna céanna ar fáil agus atá do mhúinteoirí a bhfuil Béarla acu. Tá deacrachtaí móra againn faoi láthair an Ghaeilge a choinneáil beo i measc an aois óig. Tá cuid mhaith cinntí á dhéanamh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá ról an-lárnach aige i Straitéis 20 Blian don Ghaeilge. Breathnaítear dúinn nach bhfuil an ról sin á fheidhmniú sách gníomhach ag an Roinn. Tá daoine i bpobal na Gaeilge iontach lochtach ar an Roinn faoi sin, agus bhéadh muid ag iarraídh tacaíocht i bhfad níos láidre ón Roinn, ó thaobh áiseanna a chur ar fáil agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh gan tacú le múinteoirí óga dul go dtí an Ghaeltacht ar feadh trí seachtainí.

Tá caighdeán an oideachais ag brath níos mó ar chaighdeán na múinteoirí ná aon rud eile. Tá na giorraithe atá a dhéanamh ag an Aire, maidir leis na múinteoirí nua-oilte, chun dochar a dhéanamh. Tá an chuid is fearr des na múinteoirí atá ag teacht amach as na coláistí oiliúna chun imeacht thar lear chuig áiteanna ina bhfaigheadh siad postanna le hairgead níos mó.

Tá neart pointí eile gur mhaith liom a dhéanamh, ach tá sé fíor-thábhachtach an ethos gaeltachta a thógáil san áireamh ins na cinntí seo ar fad, chomh maith leis na cúinsí creidimh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.