Seanad debates

Monday, 23 April 2012

2:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

I dtosach báire, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Steve Ó Cualáin atá ceaptha ón Aoine seo caite mar phríomh fheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta. Táimid píosa fada ag fanacht le príomh fheidhmeannach ar an eagraíocht sin agus is maith ann é. Déanfaidh sé an-difríocht don údarás go bhfuil príomh fheidhmeannach aige anois atá ag díriú go huile agus go hiomlán ar an obair atá idir lámha. Tréaslaím freisin leis an Rialtas agus leis an comhlacht Mylan Bioniche as na postanna nua a cruthaíodh an tseachtain seo caite i gContae na Gaillimhe i gceantar Gaeltachta agus i mBaile Átha Cliath. Is mór an gá atá leis na postanna sin. Go deimhin, bhí ról ag an IDA agus ag Údarás na Gaeltachta sa rud seo. I congratulate all those involved in the creation of 500 jobs in the Connemara Gaeltacht and in Dublin-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.