Seanad debates

Wednesday, 18 April 2012

8:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Go raibh míle maith agat. Cuirim céad fáilte roimh an Aire agus tá áthas orm go bhfuil sé liom anseo. Is iontach an rud an tAire sinsearach a fháil le freagra a thabhairt ar cheisteanna. Ceist réasúnta, simplí í seo maidir le cúrsaí póilíneachta agus gardaí sna ceantair Gaeltachta. Táim ag iarraidh a fháil amach líon na ngardaí atá ag feidhmiú sna stáisiúin garda atá sna ceantair Gaeltachta i gcomparáid le cúig bhliain agus deich mbliain ó shin. Chomh maith le sin, céard é líon na ngardaí fé láthair atá ábalta a gcuid oibre a dhéanamh as Gaeilge? Is ceart bunúsach é gur féidir le duine gnó a dhéanamh leis an Garda Síochána as Gaeilge. Tá aithne mhaith agam ar na gardaí i gceantair na Gaillimhe go háirithe agus tá siad iontach maith ó thaobh an seirbhís a thugann siad trí mheán na Gaeilge. Táim ag iarraidh a dheimhniú go mbeidh sin amhlaidh i gcónaí. Tuigim, i gcomhthéacs na ciorruithe agus an staid eacnamaíochta atá againn i láthair na huaire go bhfuil deacraíochtaí ann ó thaobh tarraingt siar fóirne agus mar sin de agus ó thaobh acmhainní atá ar fáil don Aire maidir le gardaí a chur ar an dtalamh. Ní mhaith linn go ligeadh i léig an buncheart sin - go mbeadh gardaí atá ábalta feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar fáil - ar an mbunús go bhfuil sé de cheart againn an tseirbhís sin a bheith againn. Muna bhfuil garda le Gaeilge ar fáil chun déileáil le cás áirithe inár dteanga dúchais, b'fhéidir go mbeadh duine in ann dúshláin cúirte a thógáil in aghaidh na n-imeachtaí coiriúla sa chás sin. Cuirim míle fáilte roimh an Aire. Tá mé thar a bheith buíoch leis faoi teacht isteach. Tá mé ag súil go mór leis an bhfreagra a thabharfaidh sé.

I hope this was covered in the translation. I think it possibly was. I asked a question on the number of gardaí stationed in Gaeltacht areas at present, five years ago and ten years ago and their capability to deliver a service in Irish.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.