Seanad debates

Thursday, 22 March 2012

Finance Bill 2012 (Certified Money Bill): Committee and Remaining Stages

 

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ba mhaith liom cuidiú leis an moladh atá déanta ag mo chomhleacaí. Sílim go bhfuil ciall leis, sa mhéid is go gcosnódh an t-athrú atá molta €117 milliún, mar adúirt an t-Aire. Is é an cás a chuirfinn, ná gurb shin €117 milliún a rachadh díreach ar ais ins an gcóras airgid.

Táimid ag caint ar dhaoine ar ioncam an-íseal go deo, atá strachailte ó lá go lá ó thaobh íocaíochtaí de. Cloisimid gach lá den tseachtain anseo sa tSeanad faoi chomhlachtaí atá faoi bhrú ó thaobh daoine gan a bheith ag siopadóireacht, agus mar sin de. Dá nglacfadh an t-Aire leis an moladh ciallmhar atá déanta, b'shin airgead a thiocfadh isteach. Na daoine sin, tá pá íseal acu agus caithfidh siad gach pingin atá ina gcuid pócaí a chaitheamh. Thiocfadh an t-airgead isteach, mar sin, tríd na siopaí agus tríd na córais airgeadais eile san eacnamaíocht agus chuirfeadh sé leis an eacnamaíocht.

An bhfuil aon tomhais déanta ar an teacht ar ais a bheidh ag an Stát má tá daoine ag caitheamh an airgid sin ins na siopaí, ar ghnáth earraí agus mar sin de?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.