Seanad debates
Thursday, 15 March 2012
Order of Business
10:30 am
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Ba mhaith liom an cheist maidir leis an muirear teallaigh, an household charge, a tharraingt anuas. Tá sé in am anois ag an Rialtas a admháil gur botún a bhí ins an muirear teallaigh a chur i bhfeidhm agus gur cheart é a tharraingt siar. Is léir nach bhfuil aon toil sa bpobal an muirear teallaigh seo a íoc agus nach bhfuil sé ar a n-acmhainn é a íoc. Ba cheart é a tharraingt siar, ní hamháin ar an gceist maidir le cúrsaí acmhainneachta ach maidir leis an gceist dlí atá ardaithe anois maidir le foilsiú an Achta i nGaeilge agus an dúshlán atá á thabhairt mar nach bhfuil an reachtaíocht a bhaineann leis an muirear teallaigh le fáil i nGaeilge.
Ba cheart go dtabharfaí an t-Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais isteach sa Teach. Sin an díospóireacht a bhéinn a lorg. D'ardaigh mé riar mhaith uaireanta i ndíospóireachtaí a bhain le cúrsaí Gaeilge agus leis an Aire féin maidir le cúrsaí dlí agus cirt, go raibh sé éagóireach nach mbéadh reachtaíocht ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am gcéanna. Rinne an Rialtas cinneadh, agus vótáil Seanadóirí ar thaobh an Rialtas den Teach ar son an athrú maidir le Billí a fhoilsiú go comhuaineach ar an idirlíon i nGaeilge agus i mBéarla. Tá an Rialtas ag leanacht den nós nach mbéadh Billí á fhoilsiú go comhuaineach. Taán cosúlacht ar an scéal anois go dtabharfar dúshlán don Acht seo agus do reachtaíocht go leor eile.
Caithfidh an t-Aire Dlí agus Cirt agus Comhionnanais teacht isteach agus a mhíniú cén fáth nach bhfuil sé seo ag tarlú, cén fáth go bhfuil an Rialtas ag séanadh a gcuid cearta ar an leath mhilliún duine a bhfuil Gaeilge acu agus a úsáideann Gaeilge go laethúil.
Ag an am gcéanna, tá an Rialtas ag tarraingt siar ar Oifig an Choimisinéara Teanga a chuireann i bhfeidhm ár gcuid cearta. Ba cheart an cheist seo a phlé mar cheist phráinneach, mar beidh go leor cásanna dlí ag eascairt as an gcás seo. Ba cheart don Rialtas an muirear teallaigh a tharraingt siar. Is léir nach bhfuil sé ag dul a oibriú agus nach bhfuil daoine ábalta nó toilteanach é a íoc. Caithfidh an Rialtas teacht ar bhealach eile le híoc as seirbhísí na gcomhairlí contaetha. Is léir go bhfuil na moltaí atá á gcur i bhfeidhm ag an Aire Comhshaol, Pobail agus Rialtais Áitiúil iomlán éagórach agus iomlán mícheart agus nach bhfuil glactha leo ag an bpobal.
No comments