Seanad debates

Wednesday, 7 March 2012

10:30 am

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Fianna Fail)

Gach uile seachtain táim ag labhairt faoi cheann de na fadhbanna is measa in Éireann sa lá atá inniú ann. Arís, a Cheannaire, táimse chun labhairt faoin na daoine atá i ndeachract maidir lena morgáiste atá ag dul in olcas. Fós ní dhearna an Rialtas tada i dtaobh an Keane report. Tá daoine amuigh ansin ag fulaingt agus tá cuma ann nach bhfuil an Rialtas ag déanamh aon rud chun cabhrú leo. An Samhain seo cáite, duireadh linn ag an tAire, Teachta Brian Hayes, go mbeidh mortgage arrears implementation strategy foilisithe acu roimh an buiséad 2012. Fós, níor chualamar tada faoi. Níl sé maith go leor a Cheannaire gur gheall an tAire Stáit, Teachta Hayes, go mbeadh sé curtha i gcló agus anois ní thiocfadh sé ós comhair an tSeanad chun freagairt a thabhairt duinn. Cuirim an cheist arís. An mbeadh am curtha ar fáil go féidir leis an tAire teacht chuig an Teach agus freagairt a thabhairt dúinn le na cúiseanna nach raibh an stratéis seo foilsithe go fóil?

Rud amháin eile maidir leis an straitéis fiche bliain don Ghaeilge. Tá sé seafóideach i mo thuairimse go bhfuilmuid go léir anseo inniú i rith Seachtain na Gaeilge ag labhairt ár teanga agus faoi láthair tá sé faoi bhagairt leis na cinneadh atá déanta ag an Rialtas seo. D'fhógair an Rialtas cúpla mí o shin go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí. Is oth liom a rá go rinne siad é. Tá sé tragóideach nach bhfuil Fine Gael in ann é leanúint ar taobh inar dtír fhéin. Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama. Tá sé i gceist ag an reachtaíocht áit agus spás a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre. Níl sé ag tairliúnt anois faoin Rialtas seo. Is cuma leo faoin straitéis fiche bliain. An rud is mó, má tá an teanga churtha faoin íonsaí mar seo lá in aghaidh lae, i gceann cúig bliain, breathfidh muid siar agus cuirfidh muid an ceist "cad a tharla leis an teanga?" Má leannan sé ar aghaidh, beidh gach feabhas a bhí déanta ina praiseach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.