Seanad debates

Wednesday, 7 March 2012

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ba mhaith liom tréaslú leis na Seanadóirí atá ag úsáid a gcuid Gaeilge. Is breá an rud é an méadú suntasach atá ag teacht ar úsáid na Gaeilge sna Tithe seo a thabhairt faoi deara. Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach go mbeimid ceannródaíoch ó thaobh na Gaeilge de, ach is maith an rud é freisin go bhfuilimid ag tacú leis an dream atá fostaithe sna Tithe seo a bhfuil Gaeilge acu agus a thugann an-seirbhís dúinn. Deirim "fair play" leo siúd nach bhfuil acu ach cúpla focal agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid. Molaim iad siúd atá ag déanamh é sin. Is fiú a lua go bhfuil tacaíochtaí breise ar nós Ceart agus GaelSpell ar fáil ar na ríomhairí do dhaoine atá ag iarraidh cruinneas teangan a fhorbairt. Molaim do dhaoine na háiseanna sin a úsáid.

In onóir na hócáide céanna, is breá an rud go bhfuil roinnt Gaeilge á labhairt anseo inniu. Is mór an trua é nach bhfuil lá iomlán Gaeilge againn sa Seanad. Lé cúnamh Dé, beidh sé sin againn amach anseo. Rinne mé iarratas é sin a eagrú i mbliana ar an gcoiste stiúrtha a bhíonn againn. Ba mhaith liom iarratas a dhéanamh go hoifigiúil go mbeidh an Seanad ábalta lá Gaelach a eagrú, mar atá sa Dáil agus sna coistí inniu, an t-am seo an bhliain seo chugainn. Bheadh sé iontach maith agus léireoidh sé ceannródaíocht uainn.

Is dócha gurb é an rud is lárnaí ó thaobh an straitéis 20 bliain de, agus ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de, ná ceist an oideachais. Ba bhreá liom dá bhféadfaí an Aire Oideachais agus Scileanna a thabhairt isteach anseo ionas go bpléfimid an gaeloideachais, ach go háirithe. Baineann an ábhar seo le ceisteanna ar nós na scoileanna Gaeltachta, na scoláireachtaí do mhuintir na Gaeltachta, an plean atá ag an Rialtas do thodhchaí an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, na gaelscoileanna, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus an Ghaeilge sna coláistí oiliúna. Tá an ceist deiridh a luaigh mé iontach práinneach. Muna bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag na múinteoirí atá ag obair inár scoileanna, tá an rás rite. Tá sé iontach tábhachtach dúinn an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an dream a bheidh ag múineadh ár gcuid páistí sna scoileanna amach anseo. Mar a tharlaíonn sé, tá cuid de na múinteoirí sin ag eagrú cur i láthair maidir le ceist an oideachais sna coláistí oiliúna sa seomra AV idir cúig a chlog agus sé a chlog tráthnóna inniu. Ba mhaith liom go dtiocfadh Seanadóirí go dtí an cur i láthair sin, más féidir. Beidh sé iontach tráthúil. Os rud é go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna chomh cinniúnach agus chomh lárnach i gcur cinn na Gaeilge sa Stáit seo, tá sé iontach tábhachtach go dtiocfadh an Aire, an Teachta Quinn, isteach le haghaidh díospóireacht faoi leith ar an ábhar seo.

Ba mhaith liom go dtiocfadh Seanadóirí chuige sin más féidir.

Maidir le ceist an oideachais sna coláistí oiliúna, tá sé tráthúil ach tá sé tábhachtach mar go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna chomh cinniúnach agus chomh lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge sa Stát seo go dtiocfadh an tAire Oideachais agus Scileanna isteach le díospóireacht faoi leith ar an ábhar seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.