Seanad debates
Wednesday, 7 March 2012
Order of Business
10:30 am
Jim D'Arcy (Fine Gael)
Iarraim ar an Cheannaire cuireadh a thabhairt don Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála teacht anseo agus an polasaí atá ag an Roinn sin maidir le tíortha san Meánoirthear a mhíniú dúinn. Tá go leor comhlachtaí tógála, ailtireachta agus innealtóireachta ag iarraidh obair a fháil sna tíortha sin, ach níl mórán cuidiú ó Enterprise Ireland á fháil acu faoi láthair. Nuair a bhí an Aire, an Teachta Bruton, anseo tráthnóna inné, dúirt sé go ndéanfadh sé a ndícheall feabhas a chur ar sin. Tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí. Iarraim ar an Cheannaire cuireadh a thabhairt don Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an Meánoirthear a phlé.
No comments