Seanad debates
Tuesday, 6 March 2012
Order of Business
3:00 pm
David Cullinane (Sinn Fein)
Mar is eol do na Seanadóirí uile, is í seo Seachtain na Gaeilge. Is seans iontach é seo chun aitheantas a thabhairt do thábhacht agus fiúntas an teanga. Ba mhaith liom tréaslú le gach duine atá páirteach sa féile seo agus atá i mbun eagrúcháin nó imeachtaí de gach shaghas. Níl ach beagán Gaeilge agam féin, ach tá sé ar intinn agam í a fheabhsú agus beidh mé ag freastal ar ranganna as seo amach leis an cuspóir sin. Cuireann sé an-áthas orm an méid daoine óga atá ag foghlaim na Gaeilge a fheiceáil, ina measc mo mhac Emmet, agus cuireann sé lúcháir orm freisin an méid daoine óga atá páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge agus sa féile seo. Tá an Ghaeilge go forleathan sna meáin, tá nuachtáin Gaeilge againn, cúpla stáisiún raidió a fheidhmíonn trí Ghaeilge agus, ar ndóigh, TG4.
Mar fhocal scor, ba mhaith liom moladh thabhairt do na Seanadóirí agus na Teachtaí a bhaineann úsáid as an Ghaeilge go rialta agus a thugann spreagadh do Sheanadóirí eile an méid bheag Gaeilge atá acu a úsáid. Beatha teanga, í a labhairt. It is important that more Irish be spoken. It is Seachtain na Gaeilge, the week we are encouraged to speak Irish. There is a coffee morning tomorrow which I hope all Senators will attend. It is important that we try to support the Irish language where we can. I will try to use a little more Irish this week, and it is important that as many Senators as possible will also do so. Go raibh maith agat.
No comments