Seanad debates

Wednesday, 8 February 2012

Investment in Education: Motion

 

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

I wish to share one minute of my time with Senator Daly.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Níl a fhios agam cén áit a bhfuil an tAire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Ruairí Quinn ach is mór an trua é nach bhfuil sé anseo. Ní raibh sé sa Dáil an tseachtain seo caite nuair a bhí díospóireacht á phlé ar an ábhar seo ach oiread. Bhí mé ag éisteacht leis an Seanadóir Heffernan agus chuir an méid a bhí le rá aige iontas mór orm, go háirithe nuair a ghlactar leis go raibh eolas ag na páirtithe atá sa Rialtas anois, Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre, faoi na deacrachtaí roimh an toghchán deireannach. Rinne siad oiread gealltanas ag an am agus d'éirigh leo sa toghchán, ach níl na gealltanais sin comhlíonta acu anois. Tá na gealltanais sin briste.

Tá an rún seo á chur chun tosaigh ag Páirtí Fhianna Fáil mar go gcreideann muid ón ár gcroí amach go gcuirfidh na ciorruithe atá beartaithe ag an Rialtas i gcúrsaí oideachais, go háirithe iad siúd a bhaineann le scoileanna beaga - scoileanna le cúig oide nó níos lú, sin 47% de na scoileanna go léir sa Stát - isteach ar na scoileanna beaga, ar scoileanna Gaeltachta agus ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tóg, mar shampla, na scoileanna Gaeltachta. Cuirfidh an cinneadh atá glactha ag an Rialtas isteach ar níos mó ná 70% de na scoileanna atá sa Ghaeltacht. Tugadh tacaíocht i gcónaí do na scoileanna Gaeltachta de bhrí go raibh siad chomh tábhachtach sin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ach tá sé soiléir ón cinneadh atá déanta ag an Rialtas seo nach bhfuil siad sásta an tacaíocht céanna a thabhairt do na scoileanna Gaeltachta. Mar shampla, tá scoileanna á dhúnadh anois sa Stát. Fuair scoil i mo cheantar féin litir ón Aire Oideachais agus Scileanna ag rá go raibh an scoil sin le dúnadh.

This motion is political because the Government made a political decision to focus its attack on small schools. It made the decision prior to the publication of Department of Education and Skill's value-for-money review.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.