Seanad debates
Tuesday, 7 February 2012
Order of Business.
3:00 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Ba mhaith liom aontú leis an méid a dúirt na Seanadóirí Healy Eames agus Mullins maidir le cás Aerfort na Gaillimhe. Mar eolas dóibh, tá mé tar éis rún a chur ar aghaidh maidir leis an aerfort. B'fhéidir gur féidir liom an ábhar seo a phlé ar an Athló amárach. Beidh mé sásta mo chuid ama a roinnt leo, más mian leo agus má ghlacann an Chathaoirleach leis.
No comments