Seanad debates

Friday, 16 December 2011

Photo of Jim D'ArcyJim D'Arcy (Fine Gael)

Chomh maith leis na Seanadóirí eile, ba mhaith liom beannachtaí na Nollag a ghuí ar gach Seanadóir, agus mo chomhgairdeas agus buíochas a ghabháil leat, a Chathaoirligh, as an obair iontach atá á dhéanmah agat sa Chathaoir.

Ba mhaith liom dá ndéanfadh Seanadóirí smaoineamh i rith na Nollag ar an chinneadh atá déanta fáil réidh le scéim labhairt na Gaeilge. D'aontaigh tuismitheoirí leis an chinneadh seo mar nach raibh an scéim ag obair, ach caithfear rud éigin eile a chur ina áit. Táim buartha faoi na deacrachtaí agus faoi na fadhbanna atá ag tuismitheoirí sa lá atá inniu ann an Ghaeilge a chothú imeasc na bpáistí. Tá sé iontach deacair. Caithfimid amharc air seo san athbhliain. Tá sé ráite leis na blianta go bhfuil an Ghaeilge i mbaol, agus tá sí. Tá sí i mbaol báis.

Caithfear díospóireacht a dhéanamh san athbhliain ar an straitéis 20 bliain. Caithfear amharc ar an gceist seo i ndáiríre. Is é an Seanad an áit chun an jab seo a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.