Seanad debates

Wednesday, 7 December 2011

Local Government (Household Charge) Bill 2011: Committee Stage

 

5:00 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Fianna Fail)

Tá an prionsabal anseo an-difriúil ar fad. An prionsabal atá i gceannas anseo ná an prionsabal an táille a leagan ar ghach teaghlach sa tír, gnáth daoine na tíre. Séard a a bhí sa chostas a chuir Fianna Fáil i bhfeidhm i sa bhliain 2009, ná costas ar daoine a bhí infheistíocht acu i dtithe saoire nó i dteach eile seachas teach an teallaigh. Níl sé cothrom ná ceart go mbeadh na forálacha céanna i bhfeidhm maidir le gnáth daoine. Tá an Rialtas ag iarraidh certainty a thabhairt do ghnáth daoine na tíre agus bheadh sé níos cirte gan an €100 a chur sa reachtaíocht. B'fhearr fanacht agus féachaint an dtiocfaidh an Rialtas isteach roimh ré agus an athróidh sé an figiúr. Níl sé ceart go mbeadh na forálacha céanna ann do gnáth daoine agus do daoine eile a bhfuil infheistíocht acu i dtithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.