Seanad debates
Wednesday, 7 December 2011
Local Government (Household Charge) Bill 2011: Committee Stage
4:00 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Phioc an t-Aire suas air agus tá mé ag iarraidh é a cheartú. Tá sé an-thábhachtach go mbéadh sé ceartaithe. Tá an Rialtas i gcoinne na rudaí sin. Tá an t-Aire ag rá go bhfuil Sinn Féin i gcoinne rudaí. Tá seisean i gcoinne breathnú ar na rudaí sin nó iad a chur i bhfeidhm.
Sin an náire, go bhfuil an Rialtas sásta an cháin seo a chur anuas ar dhaoine bochta, ar dhaoine saibhre, ar phinsinéiri agus ar dhaoine atá ar ioncaim ísle. Tá sé sin náireach agus scannalach.
No comments