Seanad debates
Wednesday, 7 December 2011
Local Government (Household Charge) Bill 2011: Committee Stage
4:00 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Is dócha go dtéann an leasú go dtí croí na ceiste inár dtuairim. Mar a dúirt mé cheana féin, tá Sinn Féin i gcoinne flat tax den chineál seo, tá sí iomlán éagórach, níl an pobal ansin in ann aige; níl sé féaráilte mar a luaigh an Seandóir Ó Domhnaill romham. Bhí páirtí amháin sa fhreasúra a bhí i gcoinne cánacha den chineál seo roimh ré. Phioc mé suas ar an phointe a bhí ag an Seanadóir Keane ansin. Bhí neart roghanna eile, go deimhin chuir Sinn Féin ráiteas réamhbhuiséad amach a léirigh go leor roghanna eile le go bhféadfaí airgead a thabhairt isteach. Tá an Rialtas ag caint faoi €160 milliún a thógáil isteach mar thoradh ar an cháin seo. Dúirt an tAire féin gur cáin áitreabhach í go dtí go mbeidh an cháin mhaoine mar is ceart curtha ar fáil. Cén fáth nár ghlac an Rialtas cáin de chinéal éigin eile nach gcuirfeadh an t-ualach ar gach saoránach, iad siúd ar ioncam íseal san áireamh?
No comments