Seanad debates

Wednesday, 7 December 2011

Local Government (Household Charge) Bill 2011: Committee Stage

 

3:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

I move amendment No. 1:

In page 3, between lines 20 and 21, to insert the following:

" "Act of 1978" means the Local Government (Financial Provisions) Act 1978;".

Ós rud é go bhfuil Gaeilge ag formhór a bhfuil i láthair labharfaidh mé as Gaeilge, má tá sé sin ceart go leor.

Sa chéad leasú atá molta againn táimid ag iarraidh soiléiriú ó thaobh na míniúchán atá luaite san mBille, mar is Bille fíor-thábhachtach é seo, ina bhfuil an Rialtas ag iarraidh costas, nó mar a deirimid-ne cáin breise, a chur anuas ar mhuintir na tíre. Ba cheart go mbéadh an Bille soiléir go hiomlán faoi na hAchtanna ar fad atá i gceist. Tugaimid faoi deara nach bhfuil Acht 1978 luaite ins an míniúchán. Sílim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí an leasú seo chun soiléiriú go gciallaíonn "Acht 1978" an t-Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) 1978.

Beidh cáin breise de €100 in aghaidh an teaghlaigh in aghaidh na bliana. I gcomhthéacs na costas breise atá buailte ar dhaoine le cupla lá anuas tá sé éagcórach agus iomlán mícheart a leithéid de chostas a chur anuas ar dhaoine. Tá sé i gceist againn leasaithe a chur chun cinn chun na cásanna éagsúla a mhíniú ó thaobh na ndaoine atá fágtha as an áireamh maidir le díolúintí agus mar sin de. Ní mór sin a thógáil i gcomhthéacs na n-Achtanna ar fad a bhí luaite roimhe seo.

Ni cosúil go bhfuil na leasaithe sin luaite in Acht 1978. Bhéadh sé tábhachtach go gcuirfeadh Acht 1978 san áireamh le gur féidir aon leasú a molfar inniu a chur san áireamh chomh maith céanna. Beimid ag moladh leasaithe a bhaineann leis an gcostas féin, leis an dream atá i dteideal an costas seo a íoc agus an dream nach bhfuil i dteideal é a íoc. Tiocfaidh mé ar aghaidh leis na pointí sin níos faide anonn nuair a pléifear na leasaithe eile.

Ar an mbuncheist seo, ba cheart go mbéadh an t-Acht seo luaite ins an miniúchán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.