Seanad debates

Wednesday, 23 November 2011

Water Services (Amendment) Bill 2011: Committee Stage

 

3:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Cuirim céad fáilte roimh an Aire. Tá Sinn Féin i gcomhar leis an Aire, i bprionsabal. Tuigimid go bhfuil gá le glanadh a dhéanamh ar chúrsaí uisce, ach tá rudaí áirithe ins an mBille a bhfuil fadhb againn leo agus táimid ag iarraidh iad san a árdú. Ní bhfuair muid deis na ceisteanna seo a árdú le linn an díospóireachta ar an Dara Céim. Mar sin, caithfimid iad a árdú anois.

Tagaim le cuid mhaith des na pointí a luaigh na cainteoirí a chuaigh romham, maidir leis na cigirí a bhéas ag plé leis an gcóras seo. Tá fadhbanna bunúsacha, fadhbanna dlíthiúla agus eile, leis an gcóras atá molta. Ba mhaith linn na ceisteanna a árdú leis an Aire agus a fhreagra a fháil orthu.

Ceann des na bun-cheisteanna ná an ceart bunreachtúil atá ag an duine ar a gcuid talamh féin. An bhfuil sé de cheart ag an duine daoine a choinneáil amach as a chuid tailte féin agus cá seasann sé sin i gcomhar le ceart an Stáit cigire a chur isteach ar thalamh an tsaoránaigh? Cén treoir a fuair an Rialtas ón Árd Aighne ar an gceist sin, má fuarthas treoir? Ach an oiread leis an Seanadóir Ó Domhnall, bhí mé i láthair ag cuid mhaith cruinnithe poiblí ar an ábhar seo agus tá daoine atá go láidir i gcoinne an Bhille agus i gcoinne na moltaí atá á dhéanamh. Tá daoine ag rá go bhfuil siad chun seasamh ina aghaidh agus go dtiocfaidh siad chomh fada le príosún, más gá sin. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh muid cá seasann an Stát ar an gceist seo. Cá seasaimid go dlíthiúil idir cheart an duine ar a chuid tailte féin chun daoine a choinneáil amach astu agus an ceart atá ag an Stát brú isteach in aghaidh an ruda sin? Sin atá sonraithe ins an gcuid sin den mBille atá os ár gcomhar. Tá sé ráite go bhfuil ceart agaim diúltú do éinne teacht isteach ar mo chuid tailte. Ar an dtaobh eile, táthar ag rá gur coir é má dhéanaim é sin. Má fhaighim litir a rá go bhfuil cigire ag iarraidh teacht chun iniúchadh a dhéanamh ar mo dhabhach séarachais agus muna bhfuil mé sásta an cead sin a thabhairt dó déantar coirpeach dom má dhiúltaím dó. Tá mé ag iarraidh treoir ar an gceist dlíthiúil sin. Tá sé iontach tábhachtach, mar tá mé den tuairim go mbeidh dúshlán á thabhairt ins na cúirteanna. Tá sé tábhachtach é sin a chinntiú.

An bhfuil sé i gceist príobháidiú a dhéanamh ar an gcigireacht? Bhéadh imní orainn faoi sin mar ní dóigh linn gurb é sin an bealach le dul. Bhéadh imní ormsa go bhféadfaí cigirí ar thuarastal, nó mercenary inspectors, a chruthú. Chonaic muid rud den chineál seo ag teacht isteach cheana leis an gclampáil a bhí a dhéanamh ar charranna. Bhí fadhb leis an gclampáil i nGaillimh, mar shampla. Bhí na daoine a bhí ag plé leis iontach géar. Bhí siad ag fáil táille ar gach carr a bhí clampáilte agus dá bhí sin bhí córas cóta in úsáid. Bhí siad ag clampáil gach duine a bhí i gceist agus bhí an pobal iontach ciaptha faoi. Chuireadar ina choinne agus cuireadh deireadh leis an gcóras. An é sin atá i gceist leis an gcóras atá molta ag an Aire?

Cén táille atá i gceist? Má tá duine le dul amach le cigireacht a dhéanamh cén luach saothair atá an Státchiste chun fáil as? Tá rudaí luaite anseo faoi na táillí a bhéas á ghearradh ar an bpobal, ach cén costas atá measta ag an Roinn a bhéas ar an Stát ar an gcóras cigireachta seo? Cén chaoi a dtéann sé sin i gcomparáid leis an ioncam a bhéas ag teacht ar ais? Má tá duine fostaithe go príobháideach mar chigire agus má thagann sé go dtí mo theach-sa ag déanamh cigireachta ar mo dhabhach séarachais, cén luach, nó cén táille, a bhéas le fáil aige nó aici? An bhfaigheadh sé €200, €300, €500 nó pé rud? Má bhíonn ar an gcigire teacht ar ais arís, má tá ath-amharc nó an dara tástáil i gceist, cé mhéadh a chosnódh sé sin? Cén meastachán iomlán in aghaidh na bliana atá i gceist?

Cé mhéad cigirí a bhéas ag teastáil leis an obair seo a dhéanamh ar fud na tíre? An bhfuil sé sin oibrithe amach? Cén cháilíocht a bhéadh ar na daoine a bhéas ag déanamh na cigireachta? Bheifear ag ceistiú cé chomh cáilithe is atá na daoine seo agus an bhfuil siad in ann an obair seo a dhéanamh. Cén tréanáil a bhéas á chur ar fáil dos na daoine seo. Má tá buíon chigirí le cur amach ag obair cén tréanáil a bhéadh i gceist, cé bhéadh freagrach as an tréanáil sin agus cén chostas a bhéadh ar an Stát as an tréanáil? An fáth a bhfuil mé ag lua seo ná go bhféadfadh costas oll-mhór a bheith ag baint le scéim den chineál seo ar an Stát agus nach mbéadh an t-airgead atá á thabhairt isteach mar luach saothair sách maith le haghaidh íoc as sin.

Cé tá ag íoc as an iniúchadh? Cé mhéad a chosnódh sé? Céard atá i gceist le "false or misleading information". Tá go leor daoine amuigh ansin, innealtóirí agus eile, atá an-tógtha le cúrsaí tógála agus a bhfuil cáilíochtaí acu. Dá gcuirfí ceist orthu cén chineál dabhach séarachais atá acu bhéadh siad ábalta sin a insint. Dá gcuirfí ceist orm, nó dá dtiocfadh cigire chuig mo theach ag fiafraí díom cén sort dabhach séarachais atá agam, ní bhéadh mé chomh hoilte sin le go mbeinn in ann a rá go díreach. Céard a chiallaíonn "false or misleading information"? Muna bhfuil mé iomlán 100% cruinn maidir leis an eolas a thugaim don chigire céard a bhéas i gceist?

Tá olc ar an bpobal faoin gceist seo. Tá an cheist seo árdaithe ar fud na tíre agus tá daoine imníoch faoi. Tá daoine imníoch agus trodach faoi. Ní gá ach breathnú ar chéard a dúradh ag an cruinniú a bhí i Ros a'Mhíl oíche De hAoine seo caite nuair a fuair ionadaithe ó pháirtí an Rialtais, greadadh ceart ón bpobal maidir leis na táillí agus eile. Má thógann daoine cásanna cúirte, cé chomh fada agus a bheidh muid sna cúirteanna leo sin agus céard a chosnóidh sin ar an Stát má chailleann muid na cásanna? Tá ceist eile ann maidir le fógra nó "prior notice". Céard atá i gceist ag an Rialtas maidir le "prior notice"? Cé chomh fada roimh ré an mbeidh sé le tabhairt? An mbeidh litir cláraithe i gceist agus an gcaithfidh an duine síniú ar son an litir cláraithe nó an díreach litir sa bpost a thagann chuige? Tá fios maith againn go mbíonn daoine as baile ar feadh trréimhse den bhliain agus go bhfuil daoine ann a chorraíonn ó theach go teach, mar shampla daoine a bhfuil tithe saoire acu. Tóg mar shampla daoine a bhfuil teach saoire acu in áit éigin agus nach mbíonn siad ann ach faoi Cháisc, sa samhradh agus mar sin de. Má tá "prior notice" i gceist le cúpla seachtain agus má tharlaíonn nach raibh siadsan ag an teach idir an dá linn, an mbeidh siadsan ag sárú an dlí agus an mbeidh fíneáil agus cás dlíthiúil á thabhairt ina gcoinne? Tá soiléiriu ag teastáil uainn faoi sin. Cén ceart atá ag an duine athchuairt a lorg ar na ceisteanna seo ar fad?

Tá an Bille seo ag teacht anuas an-trom ar an saoránach agus ar an duine beag agus tá an Stát córas ag cur iomlán a gcuid cumhachta taobh thiar dó. Tá sé iontach heavy handed dar liom. Ba cheart go mbeadh muid ag tabhairt cothrom na féinne don phobal. An pointe deireannach ag an bpointe seo ná cé dhó an bhfuil na h-iniúchóirí freagrach? Tá muid tar éis a fheiceáil i réimsí eile den saol, mar shampla i gcúrsaí slándála, na clampers agus an córas sláinte - mar a luaigh mé cheana - cad a tharlaíonn nuair a tugtar daoine isteach ar chonradh go príobháideach nó ag oibriú ar son eagraíochta. Má tá fadhb ann nó má bhíonn duine éigin de na hiniúchóirí seo nach feidhmíonn go hiomlán gairmiúil, an féidir leis an duine sa mbaile cás a thógáil in aghaidh an duine aonair sin nó an ceart an cás a thógaint in aghaidh an EPA nó in aghaidh an Roinn Comhshaoil? Mar shampla, má bhíonn duine éigin beagáinín borb, glórach agus trodach le duine atá ag a teach nach bhfuil ag iarraidh go dtiocfadh duine isteach chun cigireacht a dhéanamh ar an dabhach séarachais agus má tá sé ag sárú na rialacháin, an bhfuil muide mar Stát freagrach as sin nó an bhfuil an duine aonair freagrach as? An mbeidh árachas ag na h--iniúchóirí féin a chlúdóidh aon chás a thógfar ina n-aghaidh.

Bheadh imní orm faoi mercenary inspectors ag imeacht thart, daoine atá ag déanamh an iniúchta ar son airgid agus atá dhá bhrú agus imní orm faoi, mar a fheiceann muid i gcásanna eile, dá mbeadh siadsan beagáinín heavy handed ó thaobh an cur chuige a bheadh acu. Dá mbeadh na daoine sin fostaithe faoin EPA nó faoin comhairle contae bheadh freagracht i bhfad níos mó i gceist. Tá go leor ceisteanna timpeall an chuid seo den Bhille maidir leis na h-iniúchóirí agus na cigirí. Caithfear soiléiriú a fháil ar na cheisteanna sin agus bheadh mé fíor bhuíoch don Aire as sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.