Seanad debates

Wednesday, 23 November 2011

Water Services (Amendment) Bill 2011: Committee Stage

 

3:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

B'fhéidir go bhfuil mé contráilte ó thaobh pháirtithe an Rialtais a bheith ag iarraidh an Bille a bhrú tríd an Teach. Má tá mé contráilte glacfaidh mé leis sin. Tá súil agam go bhfuil mé contráilte agus nach bhfuil páirtithe an Rialtais ag iarraidh an Bille a bhrú tríd an Teach.

Tá leasaithe molta ag Sinn Féin agus ag Fianna Fáil ag déanamh moltaí sonracha i dtaca leis an mBille. Ta súil agam go mbeidh deis againn go léir labhairt ar na moltaí sin agus nach mbeidh aon bac curtha ar na pointí a bhfuil muid ag iarraidh a chur chun tosaigh. Má cuirfear bac ar na pointí sin cuirfidh sé go huile agus go hiomlán in éadan daonlathas na tíre, agus ní bhéadh sé sin ceart ná cóir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.