Seanad debates

Wednesday, 23 November 2011

Water Services (Amendment) Bill 2011: Committee Stage

 

3:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Is mian liom glacadh leis an deis seo cur i gcoinne alt a 3 mar atá sé leagtha amach sa Bhille. Is mór an ábhar díoma domsa an dóigh a bhfuil an Bille seo ag dul tríd an Teach seo, agus fiú an tagairt a bhí déanta don Bhille sa Dáil níos luaithe inniu nuair a rinne an Teachta Paul Kehoe, Aoire an Rialtais, tagairt don mBille. Dúirt an Teachta go mbéadh an Bille os cómhair na Dála Dé Máirt seo chugainn. Ar ndóigh, táthar ag iarraidh é a bhrú tríd an Teach seo an tseachtain seo agus tríd an Dáil an tseachtain seo chugainn, nuair atá eagla ar mhuintir na tíre faoin cháinaisnéis atá ag teacht aníos i gceann cúpla seachtain eile. Tá an cosúlacht air go bhfuil an Bille seo á chur trí Thithe an Oireachtais nuair atá béim na meán cumarsáide ar an cháinaisnéis. Táthar ag iarraidh an Bille a thabhairt tríd faoin radar, chun nach mbéadh an pobal ag éirí amach ina choinne.

Tá brón orm go bhfuiltear ag iarraidh an Bille a chur tríd ar an mbunadh seo agus go bhfuil an cuma air nach mbeidh oiread ama agus is ceart ag gach Seanadóir. B'fhéidir go bhfuil mé contráilte, agus má tá, tá sin ceart go leor.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.