Seanad debates
Tuesday, 22 November 2011
Infrastructure and Capital Investment: Statements, Questions and Answers
4:00 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Tá ceist eile maidir leis an seachbhóthar amuigh, outer by-pass, i gcathair na Gaillimhe. Go bhfios dom, níl airgead curtha i leataobh le haghaidh tógail an tseachbhóthair amuigh. Tá an Rialtas ag leanacht leis an bpróiseas a bhaineann le cúrsaí dlí ina thaobh. An bhfuil sé i gceist leanacht ar aghaidh leis an Galway City Outer By-Pass, mar tá ceist na tráchta in nGaillimhe tarraingthe anuas agam go rí-mhinic anseo? Cén uair a bhfuil sé i gceist ag an Rialtas airgead a chur sa chiste do sin?
Maidir leis an N17, an nglacann an t-Aire leis nach ndéanann sé aon chiall a bheith ag cur dolaí ar an mbóthar sin mar go bhfuil sé léirithe, ó thaobh na dolaí atá ar bhóithre eile sa tír go bhfuil siad ag díbirt daoine des na mótarbhealaí seachas á mhealladh chucu agus nach bhfuil siad ag comhlíonadh an dualgais a leagadh orthu.
No comments