Seanad debates

Tuesday, 22 November 2011

Infrastructure and Capital Investment: Statements, Questions and Answers

 

4:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Cuirim céad fáilte roimh an Aire. Ceann des na ceisteanna is mó atá árdaithe ag an tuarascáil maidir le ceist na Gaeilge is ea an cinneadh faoin Choimisinéar Teanga. Tá an Coimisinéar Teanga i bhfeidhm le seacht mbliana. Tá glactha leis go forleathan go bhfuil sé ag déanamh sár jab. Tá neamhspléachas an róil atá aige iontach tábhachtach. Tá sé lonnaithe ins an iarthar. Tá foireann beag ag obair aige a bhéas ag obair sa Stát Seirbhís is cuma céard a tharlóidh. Mar sin, ní thuigeann pobal na Gaeilge cén loighic atá taobh thiar den chinneadh seo, Oifig an Coimisinéara Teanga a chomhnascadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.