Seanad debates

Thursday, 17 November 2011

1:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ba mhaith liom, i dtosach báire, ár míshástacht a léiriú, mar bhaill de Shinn Fein, nach bhfuilimid ag fáil deis ráitis a dhéanamh. Is páirtí muid a sheasann ar ár gcosa féin agus tá ár bpolasaithe féin againn. Go deimhin, dúit an t-Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, an Teachta Leo Varadkar, ar an gclár teilifíse, "Tonight with Vincent Browne" gur muid an fíor-fhreasúra agus ghlac sé leis go bhfuilimid at tabhairt malairt tuairimí. Fair play dó as an méid sin a rá. Tá sé thar bheith míshásúil, mar sin, nach bhfuilimid ag fáil deis ár gcuid polasaithe a chur os comhair an Aire Stáit inniu.

Ach fáiltím roimh an Aire Stáit. Feictear dom go bhfuil sé scanallach nach mbíonn córam istigh le héisteacht leis an Aire Stáit nuair atá díospóireacht tábhachtach ar siúil. Ba mhaith liom roinnt ceisteanna a árdú. I have a number of questions.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.