Seanad debates

Thursday, 10 November 2011

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom tacú leis an leasú ar Riar na hOibre atá molta ag mo chomhleacaí, an Seanadóir David Cullinane, maidir le ceist na Palaistíne agus na saoránaigh Éireannacha atá coinnithe in Iosrael.

I would also like to note my disappointment at yesterday's debate on the community and voluntary sector. It was a good debate but Sinn Féin was limited to two minutes of speaking time which was very disappointing because many other issues needed to be raised which we did not get a chance to discuss. The House adjourned at 3.30 p.m. yesterday and there was no debate for the rest of the afternoon. Sinn Féin has made recommendations to all of the party leaders and Whips about the allocation of time during debates. It has been indicated to us that a number of different groups are willing to take them on board and we hope the rest of the groups will also take them on board as constructive ideas.

I note traffic in Galway is not a national matter for the Leader of the House. However, capital projects were discussed today, including the Galway city outer bypass which is under the remit of the Department, as is the western rail corridor. Traffic in Galway is a national issue. If the two projects to which I referred are affected by today's announcement on the cutbacks in capital spending I will look for a debate on the matter.

An cheist is mó gur mhaith liom a árdú ar maidin inniu ná seo. Inné fuair mé dhá thuarisc ó Phobal maidir leis an gcomhlacht Meitheal Forbartha Gaeltachta, MFG. Tá MFG luaite agam roinnt mhaith uaireanta sa Teach seo agus tá mé ag iarraidh an dá thuairisc seo le fada. Tuairiscí iad ar an gcomhlacht seo a d'imigh isteach i leachtú an mhí seo caite. Tá 320 post caillte ins an eagraíocht MFG. Léiríonn an dá thuairisc seo go raibh ceisteanna tromchúiseacha maidir le rialú corporáideach, le bainistiú, le stiúiriú, le ról Phobail agus le ról na Roinne.

Tá mé ag lorg fiosriúcháin neamhspleách agus tá mé ag iarraidh go dtiocfadh an t-Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, an Teachta Phil Hogan, isteach sa Teach le míniú dúinn céard atá sé chun a dhéanamh maidir le céard a tharla in MFG. Níl sé sách maith. Cuireann an easpa rialacháin a tharla i gcás MFG i gcuimhne dom an easpa rialacháin a bhí ins na bainc. Ligeadh don chomhlacht seo imeacht le sruth agus ní raibh duine ar bith sásta gníomhú. Fiú suas go dtí Mí Meán Fhómhair seo caite, mar a deirtear i dtuairisc Lazar, d'fhéadfaí an comhlacht seo a thartháil, ach níor tharla sin. Tá 320 post imithe. Tá daoine fágtha ar an dole a bhfuil clainn le tógáil acu agus billí le n-íoc acu agus tá creidneoirí nach bhfuil ag fáil a gcuid airgid. Níl sé maith go leor. Ba cheart go ndéanfaí fiosrúchán neamhspleách. Ba mhaith liom go dtiocfadh an t-Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Aitiúil isteach lena rá linn céard atá sé chun a dhéanamh faoi seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.