Seanad debates

Wednesday, 19 October 2011

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ba mhaith liom tacú leis an Seanadóir Whelan faoin díospóireacht a d'iarr sé maidir leis na meáin agus úinéireacht na meán, agus go gcaithfimid na meáin náisiúnta s'againn féin a thógáil san áireamh sa cheist sin chomh maith.

Ba mhaith liom chomh maith mo mhíshástacht iomlán a léiriú leis an Seanadóir Mac Sharry maidir leis an phleanáil atá ar bun maidir le príobháidiú a dhéanamh ar sheirbhísí bainistíochta sna hospidéil san iarthar. Tá sin scannalach. Táimid ag íoc a dhóthain cheana féin isteach san HSE leis na hospidéil seo a rith agus ba cheart don Aire teacht isteach agus míniú a thabhairt dúinn cén fáth nach bhfuil an jab sin á dhéanamh mar is ceart.

Scéal eile atá ag déanamh tinnis dúinn i nGaillimh chomh maith ná ceist Aviva. Tá an-trua againn do na hoibrithe sa chomhlacht sin leis an chaoi a bhfuil dá chaitheamh leo agus aontaím leis na Seanadóirí ar fad ó gach taobh maidir leis an méid atá siad a rá gur cóir don Aire teacht isteach agus ceist Aviva a phlé linn agus céard a rinne agus céard nach ndearna an Rialtas agus cén fath go bhfuil na jabanna seo ag imeacht le sruth.

Chomh maith le Aviva, ba cheart don Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Aitiúil teacht isteach sa Teach agus míniú a thabhairt maidir le Meitheal Forbartha na Gaeltachta, an chomhlacht ar tharraing mise aird uirthi roinnt mhaith uaireanta sa Teach seo, ag déanamh leachtú. Ceapadh leachtaitheoir, no liquididator, ar MFG inné. Bhí mé ag an chruinniú creidiúnaithe agus scannal a bhí ann i ndáiríre, an chaoi a reachtáladh an cruinniú, an easpa eolais atá ann agus an dóigh nach bhfuil aon mhíniú tugtha ar cén fáth go bhfuil an 130 post a bhí i gceist sa chomhlacht imithe agus cén fáth nach féidir iad a shábháil. Ba cheart go mbeadh fiosrúchán faoi sin.

I ask that the Minister for Communications, Energy and Natural Resources, Deputy Rabbitte, be asked to come into the House to discuss the issue of our natural resources. We have had Laurel and Hardy politics in these Houses in recent years regarding our natural resources of oil and gas where successive Ministers wrote away our finite natural resources, which are worth a huge amount of money to us. Previous Governments did that and this Government is following through on the same policy of handing over our natural resources to big businesses. We are hand-wringing around the Aviva issue but it is obvious that both the previous Government and this Government are in cahoots with big business and instead of standing up for the people of this country are standing with the people in big business. The Minister's decision to issue an additional 13 licences for exploration in the oil and gas basins off our west coast is scandalous when one takes into consideration that an Oireachtas committee is supposed to be discussing the licensing regime to be put in place. We are giving away the family silver before we discuss the rules on that. It is a scandal. Ba cheart don Aire teacht isteach anseo agus míniú dúinn cén fáth go bhfuil sé ag leanúint leis an pholasaí nár oibrigh roimhe seo. Is mór an náire é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.