Seanad debates

Wednesday, 5 October 2011

Presidential Elections: Motion (Resumed)

 

12:00 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Fianna Fail)

I welcome the Minister, Deputy Hogan, to the House. Like the Minister for Finance, Deputy Noonan and Minister for Justice and Equality, Deputy Shatter, he is a frequent visitor to this House, for which he deserves praise in comparison with some of his more recalcitrant colleagues.

Molaim Sinn Féin as an rún seo a ardú sa Seanad inniu. Tá áthas orm go bhfuil an rún seo á phlé againn, ach ag an am céanna tá díomá orm go bhfuil Fine Gael ag tarraingt siar ó pholasaí a bhí acu roimh an toghchán. Nil sin ceart. Tacaíonn Fianna Fáil leis an rún go mbronnfar ceartaí vótála ar shaoránaigh atá ina gcónaí i dTuaisceart na hÉireann agus ar shaoránaigh atá ina gcónaí ar fud an domhain. Tacaíonn Fianna fáil freisin leis an bpróiseas ainmniúcháin don toghchán úachtaránachta a oscailt ionas go mbeidh tuilleadh iarrthóirí ar an bpáipéar ballóide.

Ba é an vóta ar Chonradh Aoine an Chéasta an céad vóta tras-Teorann, lan-oileánach a bhí againn anseo ón bhliain 1920. Tosaíodh comhlachtaí agus eagrais feidhmiúcháin tras-Teorann ansin, eagrais ar nós Comhairle na nAirí Thuaidh-Theas, a chothaíonn comhoibriú idir Airí ar obair mar iompar, oideachas, sláinte, an comhshaol agus talmhaíocht. Tá roinnt eagrais tras-Teorann ann freisin. Tá cairt cearta d'oileán na hÉireann ann, fóram cathrach againn agus fóram parlaiminteach. Tá neart dul chun cinn déanta ó bhí an vóta againn i 1998, vóta ina raibh gach duine ar an oileán seo páirteach. Tacaíonn Fianna Fáil le dul chun cinn na n-eagras sin agus le leanúint ar aghaidh leis an teangabháil tras-Teorann atá agus a bheid ar siúl go deo.

Caithfimid tógáil ar an dul chun cinn a tharla ó Chonradh Aoine an Chéasta anuas chun saol na tíre agus an oileáin seo a chur chun cinn. Is ceann de na tréithe den saol daonlathach ná go mbíonn ceart vótála ag na saoránaigh. Glacann na daoine gur stát daonlathach neamhspleách í Éire. Mar sin, táimid ag iarraidh go mbeidh cearta vótála ag saoránaigh i dTuaisceart na hÉireann agus ag saoránaigh na hÉireann ar fud an domhain sa toghchán uachtaránachta. Tá díomá orainn nach bhfuil aon dul chun cinn gur féidir linne a fheiceáil déanta sa treo seo ag an Rialtas. Tá an Rialtas ag tarraingt siar ó na bearta a chuir siad os comhair vótálaithe roimh an toghchán. Tá tuairim agus 3.1 milliúin saoránaigh Éireannacha scaite ar fud an domhain, ina measc 800,000 a rugadh in Éirinn. Tugann tíortha ar nós an Ghearmáin, an Spáinn agus an Astráíl vótaí dá shaoránaigh. I gcás na hAstráile, cuirtear iachall ar shaoránaigh na tíre sin atá ina gcónaí thar lear vótáil ina chuid toghcháin agus feiceann muid na daoine ag feitheamh taobh amuigh den ambasáid chun sin a dhéanamh.

Caithfidh muidne an rud chéanna a dhéanamh, ar a laghad le haghaidh an toghchán uactaránachta. Mar sin, ní bheidh Fianna Fáil ag lacú le leasú an Rialtais. Ní réitíonn sé an fhadhb seo ar chor ar bith. Níl an teachtaireacht a sheolann an leasú ar fud an domhain dearfa ar chor ar bith. Beidh díomá ar ár saoránaigh atá ina gcónaí sa Bhreatain Mhór, i Meiriceá, i Delhi agus i Beijing nach bhfuil an Rialtas seo dearfach i dtaobh na daoine sin ná dáiríre faoi chur chun cinn a gceartaí. De bharr sin, nílimid ag tacú le leasú an Rialtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.