Seanad debates

Tuesday, 4 October 2011

3:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

An tseachtain seo caite, ghlaoigh mé ar an Aire, an Teachta Hogan, teacht anseo chun scéal a thabhairt dúinn maidir le Meitheal Forbartha na Gaeltachta. Thuig muid ó ráiteas a rinne an Seanadóir Ó Maoláin an lá sin go raibh dea-scéal ar an mbealach. Ba mhaith liom a fhógairt nár tháinig aon dea-scéal go fóill. Ba bhreá linn dea-scéal a fháil, más féidir, ar son muintir Meitheal Forbartha na Gaeltachta. An féidir leis an Aire míniú don Teach cén fáth an bhfuil an 130 post seo fós idir dhá cheann na meá? Cén fáth nár chuaigh éinne ón gcomhlacht, ón Roinn nó ó Pobal i dteagmháil leis na hoibrithe ionas go bhféadfaidís mortgage protection plans agus iasachtaí, srl., a tharraingt anuas agus go bhféadfaidís leanacht ar aghaidh lena saol?

I call on the Leader to ask the Minister for the Environment, Community and Local Government, Deputy Hogan, to make a statement in the House about Meitheal Forbartha na Gaeltachta. When I asked for it last week, Minister Mullen told me indirectly that there might be good news on the way, but there has been none.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.