Seanad debates

Tuesday, 26 July 2011

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ba mhaith liom mo dhíoma a léiriú maidir le Riar na hOibre inniu. Bhí sé i gceist go mbeadh díospóireacht againn ar na healaíona agus luaigh an Ceannaire an tseachtain seo caite b'fhéidir nach dtarlódh sin. Tá díoma orm feiceáil gur fíor sin anois nach mbeidh an díospóireacht sin ar an healaíona againn. Léiríonn sin arís eile nach tábhachtach do na páirtithe Rialtais na cúrsaí ealaíon sa lá atá inniu ann.

Ceist eile ná cá bhfuil an Teach Déardaoin? Cén fáth nach bhfuil an Teach seo ina shuí Déardaoin? Tá go leor ceisteanna ardaithe ag gach taobh anseo agus tá go leor díospóireachtaí le déanamh. Cén fáth nach bhfuilimid anseo ar an Déardaoin leis an ceisteanna sin a phlé? Cuireann sin an teachtaireacht mhícheart don phobal; táimid ag rá go bhfuilimid ag obair go crua, ag leasú obair an tSeanaid ach nílimid fiú anseo Déardaoin leis an obair sin a phlé. Iarraim ar an gCeannaire machnamh a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a thabhairt isteach leis an díospóireacht a bhí ceaptha againn faoi chúrsaí ealaíona a phlé ar an Déardaoin.

Aontaím leis an Seanadóir Norris go bhfuil sé tábhachtach go bpléifimid arís eile todhchaí Údarás na Gaeltachta. Déarfainn chomh maith go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh seisean agus daoine eile a bhfuil Gaeilge acu ag úsáid Gaeilge sa Teach seo.

Tá ábhar ann agus cé nár tharraing sé an oiread sin cinnlínte, léiríonn sé chomh smairteáilte agus atá muintir Mhaigh Eo. Ábhar atá ann atá ag cur an-bhuartha orm maidir le cúrsaí dlí agus cirt. Nuair a bhímid ag plé cúrsaí dlí agus cirt leis an Aire, tharraing muid anuas ceist na reachtaíochta trí mheán na Gaeilge. Dúradh linn nach raibh aon fhadhb ansin, gur féidir leagan Béarla a chur ar an Idirlíon de na hAchtanna agus na Billí agus go dtiocfaidh an leagan Gaeilge ina dhiaidh sin. I Maigh Eo an tseachtain seo caite caitheadh amach cás cúirte maidir le dhá chúis in aghaidh dhá theach osta mar gheall nach raibh leagan Gaeilge de na Billí ar fáil. Ba cheart don Aire Dlí agus Cirt teacht isteach láithreach. Nuair a bheimid imithe don samhradh, cé mhéad cás eile a chaithfear amach as na cúirteanna mar nach bhfuil leagan Gaeilge de na Billí a leanas le fáil-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.