Seanad debates

Tuesday, 26 July 2011

Clár Tógála Scoileanna

 

9:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ceist phráinneach atá mar ábhar ar an Athló inniu maidir le dhá Gaelscoil atá ag fanacht le fada an lá le coiríocht cheart i gContae na Gaillimhe. Tá Gaelscoil Riabhach i mBaile Locha Riach agus Gaelscoil de hÍde in Uarán Mór. Tá Gaelscoil de hÍde ag stocaireacht le fada an lá ó tá an scoil ar bun ó 1994. Fuair an scoil stádas oifigiúil i 1998 ach ó shin i leith tá siad ag lorg ionaid buan le gur féidir leo a bheith lonnaithe ann. Le scéal fada a dhéanamh gearr, tá suíomh faighte acu agus tá súil acu go leanfar ar aghaidh le tógáil scoile nua don dream atá ag plé leis an scoil seo. Nuair a bhí mé ar chuairt ann chonaic mé go bhfuil núinteoirí den scoth ann agus slua mór gasúir ann atá ag déanamh sár oibre trí mheán na Gaeilge. Ach, tá siad i mullach a chéile i Portacabins nach bhfuil feiliúnach sa lá atá inniu ann le go mbeadh oideachas ceart, cóir curtha ar fáil a bhaineann úsáid as na saoráidí is nua aimsirí agus is feiliúnaí le haghaidh oideachas cuí a chur ar fáil.

I gcás na Gaelscoile eile, tá stocaireacht ar bun ag muintir Bhaile Locha Riach chomh maith céanna i dtaobh scoil nua. Is í an scoil is sine i gContae na Gaillimhe atá lonnaithe ina iomlán i seomraí réamhdhéanta. De réir na figiúirí agus fáistiní beidh os cionn 190 páistí ag freastal ar an scoil i Meán Fómhair 2016 agus faoin am sin, ba mhaith leo go mbeadh cóiríocht bhuan ann. Tá seomra réamhdhéanta mí-oiriúnach d'oideachas a gcuid páistí agus tá riachtanais fadtéarmacha sa Ghaelscoil. Nuair a bhíonn an drochaimsir ann i rith an gheimhridh bíonn sé deacair na seomraí a théamh. Bíonn siad tais agus tá sceitheanna iontu agus ó méadaíodh uimhreacha, tá achar na seomraí ró-bheag agus cúngaithe. Dá bhrí sin, tá siadsan ag lorg go n-ardófaí an grád banda atá acu leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, ó 2.2 go dtí 2.1.

Ba mhaith liom dá dtabharfadh an tAire soiléiriú dúinn maidir le stádas an dá scoil seo. Cén uair an mbeidh an chóiríocht cheart atá ag teastáil go géar ar fáil don dá scoil seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.