Seanad debates

Tuesday, 26 July 2011

Communications Regulation (Postal Services) Bill 2010 [Seanad Bill amended by the Dáil]: Report and Final Stages

 

7:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Tagaim go hiomlán leis an méid a dúirt an Seanadóir White romham agus ní rachaidh mé siar ar na pointí sin seachas le rá i ndáiríre má táimid ag breathnú chun cinn, caithfear pé rud a dhéanfar ó thaobh na postcodes a bheith future proofed, caithfear dul i ngleic leis an teicneolaíocht nua atá againn idir satailít agus GPS agus mar sin. San áit ina bhfuil mé i mo chónaí ar an gCeathrú Rua ar an gCaorán Beag, ní oibreodh postchód i mo chás nó i gcás go leor daoine eile atá ina gcónaí i gceantair thuaithe bunaithe ar an moladh atá déanta. Tá sé tábhachtach go dtabharfar san áireamh an cineál teicneolaíochta nua atá againn agus go mbeidh úsáid aige sin in go leor rannóga eile sa Rialtas agus sna Ranna Stáit éagsúla.

Tá deis iontach eile ag an Aire maidir le cúrsaí Gaeilge leis an mBille seo agus an obair atá á déanamh aige maidir leis na postchóid náisiúnta - an Ghaeilge a chur san áireamh sa chineál códaíochta a bheidh á dhéanamh, nach mbeimid ag brath ar Bhéarla na banríona amháin nuair a dhéanfar an chódaíocht, go dtabharfar aitheantas do logainmneach bailte i nGaeilge agus, go háirithe sa Ghaeltacht, an leagan Gaeilge de na logainmneacha a choinneáil. Impím ar an Aire nuair atá an conradh á thabhairt amach don chomhlacht sin, go mbeidh sin mar choinníol: go gcaithfear aitheantas a thabhairt don chéad teanga náisiúnta atá againn. Tá sin ríthábhachtach sa gcomhthéacs ina bhfuilimid ag feidhmiú. Táim cinnte mar Ghaeilgeoir é féin go mbeidh sé breá ábalta sin a chur i bhfeidhm agus níl aon fáth ó thaobh na teicneolaíochta de nach ndéanfaí a leithéid. Tá a fhios agam go bhfuil stocaireacht déanta ag cuid mhaith de na heagrais Ghaeilge ar an Aire maidir leis an gceist sin agus iarraim air an chomhairle sin a thógáil ar bord.

Cuirim fáilte mhór roimh na leasuithe ó thaobh an Achta Craolacháin. Tugann sé aitheantas d'iar-fhostóir de mo chuid féin, TG4, maidir leis an stádas atá aige mar chraoltóir náisiúnta poiblí. Caithfimid cuimhneamh nuair a tháinig an ceadúnas teilifíse isteach i dtosach báire, ní raibh ann ach craoltóir poiblí amháin, RTÉ, ach tá athrú aeráide tagtha agus tá dhá chraoltóir phoiblí againn agus tá aitheantas nach mór bainte amach ag TG4 mar chraoltóir atá ina sheasamh ar an stáitse domhanda. Níl orainn ach breathnú ar chláir ar nós "1916 - Seachtar na Cásca" le feiceáil an cineál caighdeáin agus an cineál seirbhíse poiblí gur féidir leis a thabhairt. Tréaslaím leis an Aire as ucht an tacaíocht bhreise seo a chur san Acht do TG4.

Táim ag tacú leis an moltaí atá déanta ag mo chomhghleacaí maidir leis An Post agus an greasán oifigí poist ar fud na gceantar tuaithe. Mar dhuine atá i mo chónaí faoin tuath, ní féidir beag is fiú a dhéanamh de na hoifigí poist agus caithfear an gréasán sin chur san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.