Seanad debates

Thursday, 21 July 2011

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ach an oiread le Seanadóirí eile, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Cheannaire as an díospóireacht a bhí ann inné. An t-aon rud go bhféadfaí a rá faoi ná gurb é a laghad a locht. Bhí an format go maith, d'oibrigh sé go maith agus bhí deis cainte ag go leor daoine. B'fhéidir go mbeadh sé úsáideach dá mba fhéidir ceisteanna breise a chur. Bheadh sé tábhachtach inné agus bhí an t-Aire breá sásta na ceisteanna a fhreagairt le soiléiriú a fháil. Uaireanta bíonn sé úsáideach ceisteanna breise a chur.

An rud a bhí soiléir inné, agus an faitíos a bhí orm maidin inné ná nach mbeadh dóthain ama ann le haghaidh cúrsaí iascaireachta a phlé. Bhí an plé a bhí againn an-mhaith ach bhí sé soiléir, ó bhaill de phairtí an Cheannaire féin agus ó dhaoine ar fud an Tí, nach raibh dóthain ama i gcóir cúrsaí iascaireachta agus go raibh go leor ceisteanna breise gur mhaith linn a chur agus go raibh an t-Aire breá sásta iad a phlé. Nuair atáthar ag breathnú ar an format, b'fhéidir go mbreathnófar ar gan an t-am a bhrú an iomarca ar na hábhair tábhachtacha seo.

Ba mhaith liom ábhar eile a árdú. Inné d'iarr mé go mbeadh díospóireacht againn maidir le daoine le riachtanais speisialta. Tá sé an-deacair ag na daoine atá ag plé le mí-chumas agus riachtanais speisialta mar gheall go bhfuil píosaí den polasaí a bhaineann leo i Rannóga éagsúla. Tá Airí difriúla ag plé leis na Rannóga sin. Tá an cheist sin tagtha chun solais arís inniu. Táim ag glaoch go dtiocfadh an t-Aire Comhshaol, Chomhluadair agus Rialtais Áitiúil chun an Teach le míniú duinn cén fáth go bhfuil an buiséad a bhí ann do mhí-chumas ins na comhairlí contaethe gearrtha aige. Tá litir faighte ag na comhairle contaetha agus léifidh mé an méid a bhí ráite i mBéarla:

The additional resources provided under the multi-annual programme of capital and current funding for the implementation of the national disability strategy in local authorities under the aegis of the Department for the period of 2005 - 09 will not be available in 2011.

Tá an buiséad gearrtha arís ag an Rialtas ar na daoine is laige inár sochaí. Tá sé tábhachtach go dtiocfadh an t-Aire isteach le míniú dúinn cén fáth a bhfuil sé sin ag tarlú. Céard tá na páirtithe sa Rialtas ag rá maidir leis na daoine le mí-chumas? Cén fáth gurb iadsan atá ag fáil an bhuillle nuair atáimid sa ghéarchéim airgeadais? Bheinn ag iarraigh go dtiocfadh an t-Aire isteach chun sin a phlé.

Bheinn ag tacú leis an moladh a rinne an Seanadóir Leyden romham, go mbeadh plé maidir le reifreann na leanaí, the children's referendum. Sin rud a d'árdaigh na daoine a bhíonn ag plé le mí-chumas liom, mar sin ceann des na rudaí a thabharfadh cearta dóibh siúd agus seans chun cearta a bhaint amach sa tír seo.

Tuigim go mbeimid ag dul ar sos go luath. Mar sin féin, ceann des na díospóireachtaí eile a d'iarr mé a bheadh againn ná díospóireachta ar na healaíona. Go minic, déantar beag is fiú den deis atá ann agus an cumas atá sa tír ó thaobh na cruthaíochta agus na healaíne de.

I call on the Leader to ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht to come into the House to allow us have a full debate on the potential of the arts sector and the cultural sector in general to create employment, rejuvenate our economy, inspire us in the future and help get us out of the dark place in which we find ourselves.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.