Seanad debates

Tuesday, 5 July 2011

3:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

I bhfianaise thuarascáil an Choimisinéir Teanga ar maidin, a léirigh go bhfuil cuid mhaith de na Ranna Stáit ann nach bhfuil ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, ba mhaith liom go dtiocfadh an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta isteach anseo le tuairisc a thabhairt dúinn ar céard atá i gceist aige agus ag an Rialtas seo a dhéanamh le go mbeidh na Ranna Stáit agus na comhlachtaí leath-Stáit ag cur i bhfeidhm a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.

Chomh maith leis, d'iarr mé tamall ó shin ar an gCeannaire go mbeadh díospóireacht againn maidir le cúrsaí iascaireachta agus dúirt sé linn go dtarlódh sin. B'fhéidir go dtabharfadh sé soiléiriú dúinn inniu ar cénuair a bheidh sin ag tarlú agus dá dtarlódh sé an taobh seo den samhradh.

Ghlaoigh mé faoi dhó an tseachtain seo caite ar dhíospóireacht eile a bhaineann le acmhainní nadúrtha na tíre seo, a dheimhneoidh gur féidir linn ár gcuid a fháil ó na hacmhainní nadúrtha atá againn sa tír seo agus nach rachaidh siad chuid na hollchomhlachtaí. I am calling for a debate on our natural resources. It is an area into which we could tap for badly needed revenue. We must ensure that what happened in Bellanaboy does not happen again. We must also ensure that any new licences issued for energy generation from wind, oil, gas or wave energy are to the benefit of the State and the good of all citizens and that we get the tax revenue we should get from natural resources which we have not got under previous Governments. Táim ag glaoch ar an gCeannaire go mbeidh a leithéid de díospóireacht againn chomh luath agus is féidir.

I also seek that the Leader would speak to the Minister for Transport, Tourism and Sport, once again, about regional airports. Mention has been made of the young lady from Leitrim in need of a liver transplant. That is also a regional development issue. How are people in those regions to access emergency services on time if the airports in Sligo and Galway are closed? Time is critical in such scenarios.

Glaoim ar an Aire Iompar, athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí atá á thógáil aige maidir leis na h-aerfoirt réigiúnda le deimhniú gur féidir iad a choinneáil in áit ar chúinsí sláinte amháin, muna bhfuil aon rud eile i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.