Seanad debates

Wednesday, 29 June 2011

Whistleblower Legislation: Motion

 

6:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Fágaimid an focal deireannach ag na mná i gcónaí.

Tá an-áthas orm labhairt ar an rún seo agus tréaslaím leis an Seanadóir Mullen faoin rún a thabhairt chun cinn. Tá sé fíor thábhachtach. Is rud é seo a raibh Sinn Féin á lorg le fada an lá agus a bhfuilimid fós á éileamh. Tacaímid, go ginearálta, leis an rún féin agus leis na cásanna atá curtha chun cinn ó gach taobh den Teach. Tá na cásanna éagsúla ar fad tábhachtach.

Dá bhrí sin, nílilmse chun dul siar ar na cineálacha céanna ach ba bhreá liom roinnt samplaí a thabhairt den chinéal cos ar bholg atá fós á imirt maidir le daoine atá faoi leatrom. Rinne an Seanadóir Crown tagairt don HSE, agus tá eolas agam ar dhuine atá ag obair, i ngrád sinsearach go maith, ins an HSE Thiar. Cuireadh gag ar an bhfear céanna mar go raibh sé ag labhairt amach ar ábhair áirithe a bhain leis an HSE san iarthar. Dúradh leis go gcaillfeadh sé a phost agus nach raibh cead aige ráiteas ar bith a dhéanamh go poiblí muna mbeadh an ráiteas sin déanta tríd an rannóg meáin a bhí ag an HSE. Is mor an náire é sin mar bhí an fear seo ag iarraidh áird a tharraingt ar easpa seirbhísí agus ar rudaí míchearta a bhí ag tarlú ins an gceantar sin.

Bímid ag breathnú, b'fhéidir, ar na cásanna móra uafásacha a tharla ó thaobh chúram leanaí de nó ó thaobh na tithe alltranais de, ach tá sé ag tarlú ar gach leibhéal. Tá sé ag tarlú ar na leibhéil níos lú, na leibhéil pobail. Ghlaoigh bean ormsa inniu. Tá sí ag obair i gcomhlacht deonach agus tá sí ag iarraidh áird a tharraingt ar mhí-úsáid atá á bhaint as deontais Stáit. Tá deontas faighte ag an gcomhlacht a bhfuil sí ag obair leo ar rud amháin ach á úsáid ar chúinsí eile. Tá faitíos ar an mbean sin labhairt amach mar tá a fhios aici go bhfuil an-seans ann má labhraíonn sí amach go bhfaighfear bealach éigin fáil réidh léi as an obair a bhfuil sí ann. Tá an reachtaíocht seo fíor-thábhachtach ag an leibhéal sin chomh maith.

Tá cás eile ins an nGaeltacht i láthair na huaire, cás na comhlachta MFG Teoranta. Tá oibrithe atá ag obair leis an gcomhlacht sin le trí bliana ag iarraidh an fheadóg a shéideadh ar rudaí áirithe atá ag tarlú ins an gcomhlacht sin. Rinne siad é sin le polaiteoirí ach tugadh an cluas bhodhar dóibh agus tá an cluas bhodhar fós á thabhairt dóibh. Tá baol ann ní hamháin go mbeidh a bpostanna féin caillte, ach go bhfuil an comhlacht féin le leachtú agus go mbeidh deireadh leis. Thug mé an-suntas don mhéid a dúirt an Seanadóir O'Keeffe níos túisce. Bhí an ceart ar fad aici a rá go ndeireann cuid mhaith de na daoine a tharraingíonn aird ar na rudaí seo "there is nothing in it for us". Téann sé níos faide, áfach. Ní hamháin nach bhfuil aon rud ann don duine a shéideann an fheadóg, ach tá an t-uafás le cailliúnt aige nó aici. Is féidir leis na daoine seo a gcuid cairde, a gcuid postanna agus an ról atá acu i measc an phobail a chailliúnt. Má tarraingíonn siad aird ar rud, b'fhéidir go n-iompóidh an pobal ina gcoinne már pháirt den "don't rock the boat" mentality atá againn.

Tuigim an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Mullen maidir leis an leasú atá á mholadh againn. Ba mhaith liom an leasú a mholadh thar ceann Sinn Féin ag an bpointe seo. An brí ata ag an leasú ná-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.