Seanad debates

Thursday, 16 June 2011

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ach oiread le Seanadóirí eile, ba mhaith liom tréaslú le Colum McCann as an duais iontach a ghnóthaigh sé. Is maith an onóir é agus go n-éireoidh leis. Sílim go bhfuil sé tráthúil mar go raibh mé chun ceist a ardú maidir leis an ábhar seo, mar in aimsir géarchéime, is minic go ndéantar dearmad ar chúrsaí ealaíona. Ó bheith ag caint le daoine a bhíonn ag plé le cúrsaí ealaíona agus mar dhuine a thagann ó ardchathair na healaíona, Gaillimh, tuigim tábhacht na healaíona, ní amháin ó thaobh na heacnamaíochta de, rud atá iontach tábhachtach, ach ó thaobh meanma daoine agus misneach daoine in am nuair atá rudaí go dona. Ba mhaith liom iarradh ar an gCeannaire an tAire, Deputy Deenihan, a thabhairt isteach sa Teach le buille beag a thabhairt ar a dhroim dó le comhghairdeas a dhéanamh leis as a cheapachán, ach chomh maith le sin, le díospóireacht leathan a bheith againn maidir le tábhacht na n-ealaíon sula dtiocfaimid i dtreo an bhuiséíd don bhliain seo. Tá sé fíor tábhachtach nach ndéanfar dearmad ar thábhacht na n-ealaíon ar mhaithe le íomhá na tíre agus ar mhaithe le cúrsaí eacnamaíochta. I am calling on the Minister to come into the House for a debate on the arts. It is extremely important that we do not forget the importance of the arts, especially in times of economic constraint. The arts can provide a massive injection to the economy and can also give us great respect abroad, etc.

The other issue I want to raise is cursaí iascaireachta. D'ardaigh mé an cheist seo cheana leis an gCeannaire agus dúirt sé gur aontaigh sé liom go raibh sé tábhachtach go mbeadh díospóireacht againn faoi chúrsaí iascaireachta. Ag am a bhfuil sé soiléir go bhfuil an stoc trosc ag ardú, buíochas le Dia, sa mhuir, rud nach raibh súil leis, tá sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar an cuóta agus an méid den chuóta atá cead ag iascairí na hÉireann a thógáil ón stoc trosc. Chomh maith le sin, teastaíonn díospóireacht maidir le coireanna coirpigh a dhéanamh de iascairí a dhéanann faillí beag ó thaobh chúrsaí riaracháin de. Chomh maith le sin, ba mhaith liom plé a bheith againn ar an chéibh domhainmhara i Ros an Mhíl agus an fhorbairt atá i gceist i gcóir dugaí na Gaillimhe. I ask the Leader of the House to bring the Minister with responsibility for the marine into the House to discuss the fishing industry. We are seeing a positive increase in the cod stocks indices, but the quotas of fishermen have not been changed to reflect this. I raise the issue of the decriminalisation of the fishing penalties imposed on fishermen who make administrative errors in their paperwork when bringing in fish. I call on the Minister to give an update on the situation in the deepwater harbour of Ros a' Mhíl and the plans for the development of Galway docks. Bheinn an-bhuíoch dá bhféadfadh an Ceannaire a insint dúinn cén uair a bheidh an díospóireacht sin ag tarlú, mar is díospóireacht fíor-tábhachtach ar fad í.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.