Seanad debates

Thursday, 9 June 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

12:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Is breá an rud fáilte a chur roimh duine Gaeltachta eile le díospóireacht chomh tábhachtach leis seo. Tá mé fíor-bhuíoch de Cheannaire an Tí gur thoiligh sé go mbeadh an díospóireacht seo ann mar gheall ar iarratas ó Shinn Féin mar sílimid go bhfuil an t-ábhar seo fíor-thábhachtach. Tá beagán díoma orm a laghad Seanadóirí atá i láthair le haghaidh na díospóireachta anseo le cur leis agus a gcuid tuairimí a thabhairt ach sin scéal eile.

Fáiltím go ginearálta roimh chuid de na fógraí atá déanta ag an Aire Stáit agus níl mé ag iarraidh dul siar ar rudaí a dúirt daoine romham. Tá amhras orm go bhféadfaimis titim isteach i maoithneachas áirithe a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta mar, mar athair Ghaeltachta atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge sa Ghaeltacht faoi láthair, tá ceisteanna fíor-thromchúiseach ag titim amach agus ba mhaith liom díriú ar chuid acu sin go príomha.

Bhí trácht ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta agus an dul chun cinn atá déanta ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus gan amhras tá sin fíor ach téigh siar go dtí na clósanna scoile sa Ghaeltacht faoi láthair agus cén teanga a chloisfear á labhairt idir na páistí? Cinnte, cloisfear an Ghaeilge ach cloisfear cuid mhaith Béarla. Tá an t-aos óg ag labhairt i mBéarla. Má théann duine isteach sna tithe, an mbeidh siad ag breathnú ar TG4 24 uair sa lá? Ní bheidh, beidh siad ag breathnú ar MTV, BBC agus ITV agus gach stáisiún eile chomh maith le TG4.

Tá an t-aos óg ag tréigean na teanga ar bhealach an-sciobtha, agus sin a léiríodh sa staidéar cuimsithíoch teangeolaíochta a foilsíodh 2006. Is misnomer é an straitéis 20 bliain mar bhí sin bunaithe ar an staidéar a tháinig amach in 2006, a dúirt ag an am nach raibh againn ach 20 bliain leis an teanga a tharrtháil. Sin cúig bliana ó shin agus fágann sin nach bhfuil againn ach 15 bliain agus sin rud a chuireann imní orm ó thaobh na teanga; nach dtuigimid cé chomh práinneach agus atá na ceisteanna atá ann i láthair na huaire.

An príomhrud a choinneoidh daoine sa Ghaeltacht agus a choinneoidh an teanga beo ná go bhfuil daoine ina gcónaí sa Ghaeltacht agus fostaíocht ar fáil acu. Fáiltím go mór roimh an chinnteacht áirithe a chuir an tAire Stáit ar fáil an tseachtain seo caite maidir leis na fógraí a rinne sé le hÚdarás na Gaeltachta. Fáiltím go mór roimh an chead atá tugtha aige príomhfheidhmeannach a cheapadh mar i ndáiríre rinneadh scrios ar Údarás na Gaeltachta le cúig nó sé de bhlianta anuas faoin Rialtas deireanach. Bhain an Rialtas sin na bunanna d'Údarás na Gaeltachta mar gheall ar na ciorruithe scanrúla a rinne sé ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta. Ní chreidim, áfach, go bhfuil an tAire Stáit in ann suí anseo ag maíomh as chomh maith atá an Rialtas ag déanamh ó thaobh na Gaeilge mar go bhfuil sé ag leanúint ar aghaidh leis an pholasaí dhíreach cheannann chéanna a bhí ag an Rialtas a chuaigh roimhe.

D'admhaigh an tAire Stáit féin go raibh sé tubaisteach an buiséad ó 2008 - €25.5 milliún - a ghearradh go dtí €6 milliún. Cad é a rinne sé faoi? D'fhan an tAire Stáit leis an bhuiséad céanna agus a bhí ag Rialtas Fhianna Fáil anuraidh. Bhí an buiséad a fuair Údarás na Gaeltachta anuraidh bunaithe ar go raibh an t-údarás féin in ann acmhainní dá chuid, scaranna i gcomhlachtaí a bhí aige agus monarchan a dhíol. Dá bhrí sin, bhí buiséad praiticiúil aige de €12 milliún. Anois, tá 7,000 post sa Ghaeltacht ag brath ar chomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta, 20% de na postanna ar fad atá sa Ghaeltacht. Tá natural attrition ar fhostaíocht an t-am ar fad agus cailltear thart ar 1,000 post gach bliain. Leis an bhuiséad chuí, bhí Údarás na Gaeltachta ábalta poist nua a chruthú. An €6 milliún atá geallta ag an Rialtas dó, ní dhéanfaidh sin ach an méid fostaíochta agus na gealltanais atá tugtha acu do chomhlachtaí faoina scáth a choinneáil ag feidhmiú ach ar éigean. Le fostaíocht nua a chruthú, de réir an tuarascála de chuid Indecon a tháinig amach níos luaithe, teastaíonn €6 milliún sa bhreis ar an údarás. I ndáiríre €12 milliún de bhuiséad caipitil atá ag teastáil ag Údarás na Gaeltachta le gur féidir leis an leibhéal reatha fostaíochta sa Ghaeltacht a choinneáil; muna bhfaighidh sé an €12 milliún, titfidh an fhostaíocht bliain i ndiaidh bliana agus faoi 20 bliana ní bheidh fostaíocht le fáil sa bhaile agus dá bhrí sin, imeoidh daoine ar imirce agus ní bheidh an Ghaeilge á labhairt sa Ghaeltacht. Sin bun agus barr an scéil.

Fáiltim roimh an chinneadh a rinne an Rialtas na cúraimí fiontraíochta a choinneáil faoi scáth Údarás na Gaeltachta, an cinneadh ceart a bhí ann. An t-aon rud atá ag cur imní orm faoin méid a dúirt an tAire Stáit níos luaithe na go bhféadfadh an tAire treoir a thabhairt don údarás díriú ar fhostaíocht faoi leith. Ba bhreá liom tuilleadh soiléiriú faoi sin ón Aire Stáit. Má tá sé i gceist aige gur féidir leis an údarás díriú ar réimsí eile seachas na réimsí atá aige faoi láthair agus leanúint leis an chuid reatha, tá mé go mór i bhfabhar sin ach má tá i gceist aige an t-údarás a chúngú isteach i dtreoir cúrsaí cultúir, teanga agus pobailbhunaithe amháin bheinn an-amhrasach faoi sin agus na cúraimí eile a bhaineann le tionsclaíocht a thabhairt d'Enterprise Ireland agus an IDA. Céim ar chúl a bheadh ann agus ba mhaith liom tuilleadh soiléiriú ar an cheist sin.

Tá eagraíocht iontach bunaithe faoi scath Údarás na Gaeltachta ar a dtugtar Ealaín na Gaeltachta. Tá obair iontach déanta ag an eagraíocht sin le roinnt blianta anuas le cúrsaí ealaín, idir dearcealaíona, drámaíocht, litríocht, dealbhóireacht agus na hiliomad rudaí ó thaobh na n-ealaíon de a chur chun cinn. Tá Ealaín na Gaeltachta ag fáil comhmhaoiniú ón Chomhairle Ealaíon agus ón bhuiséad chaipitil atá ag Údarás na Gaeltachta. Anois, ós rud é go bhfuil an buiséad caipitil laghdaithe, cén tionchar a bheidh aige sin ar Ealaín na Gaeltachta? An mbeidh an maoiniú cuí le fáil faoi bhuiséad an údaráis le leanúint ar aghaidh leis an chomhmhaoiniú a chur ar fáil i gcomhairle leis an Chomhairle Ealaoíne? Tá sé riachtanach go gcuirfí. In aimsir ghéarcheim, is túisce go ndéantar gearradh siar ar rudaí ar nós cultúir, teanga agus ealaíon. Is dearcadh gearr-radharcach é sin sa tír atá againn. Thóg sé 20 bliain an t-infrastruchtúr ealaíon atá sna Gaeltachtaí a chur ar aghaidh agus throid muid go láidir ar a shon sin. Níor mhaith go ndéanfai dóchar ar bith le aon gearradh siar ar mhaoiniú don infrastruchtúr sin mar baineann sé leis an fhostaíocht agus an suim a bheadh ag daoine teacht chun cónaí a dhéanamh i gceantar Ghaeltachta, rud nach bhfuil éasca le déanamh mar go bhfuilimid scoite amach. Ba mhaith liom deimhniú a fháil go bhfuil an tacaíocht d'Ealaín na Gaeltachta slán faoi scáth Údarás na Gaeltachta.

Chomh maith leis sin, tháinig ceist aníos maidir le Taibhdhearc na Gaillimhe. Gheall an Roinn, sula raibh an tAire Stáit inti, €300,000 do Thaibhdhearc na Gaillimhe, amharclann náisiúnta na Gaeilge a bhfuil an stair ag baint leis i gcathair na Gaillimhe. Tharla tine roinnt blianta ó shin agus ar chúiseanna éagsúla tá géarghá ar an amharclann le hairgead breise chun athchóiriú a dhéanamh ar an amharclann. Tá sí dúnta le dha bliain anuas. Rinneadh gealltanas go dtabharfaí tacaíocht di agus tá tacaíocht le fáil thar ceann sé bliana ón gcomhairle cathrach le tacú leis an obair agus ba mhaith liom deimhniú a fháil go bhfuil an Rialtas chun leanúint leis an mhaoiniú sin.

Tá beart ciniciúil á dhéanamh maidir le bord an údaráis. Aontaím leis an Seanadóir Ó Domhnaill sa méid a bhí sé a rá maidir le comhdhéanamh bhord an údaráis, nach bhfuil sé daonlathach, beag nó mór, an t-athrú a rinneadh ar thoghchán Údarás na Gaeltachta. Shiúil daoine ó Bharna go Carna i gConamaro agus ó cheantair eile le troid ar son údarás Gaeltachta. Siúlfaimid arís má bhaineann an Rialtas an daonlathas dínn. An t-aon dream a bhí ag tabhairt amach ar bhord an údaráis maidir leis na ciorruithe a bhí á ndéanamh le blianta beaga anuas ná na dreamanna ó na páirtithe beaga agus na néamhspleáigh. Bhí móramh ag an dream eile ar an mbord a chuir cosc go minic le haon ghearán a dhéanamh leis an Stát nó leis an Rialtas maidir leis an dóigh go raibh siad ag caitheamh leis an údarás. An moladh atá á dhéanamh ag an Rialtas ná go mbeidh an bord laghdaithe go dtí thart ar 12 agus go mbeidh na comhairlí contae ag toghadh na daoine a bheidh ar an bhord. Tá seacht gceantar Gaeltachta againn timpeall na tíre agus dá bhrí sin bheadh seacht gceantar comhairle contae i gceist. As an seacht sin, má bhreathnaimíd ar an chomhdhéanamh, tá móramh ag Fine Gael ar sé cinn acu agus móramh ag Fianna Fáil ar an gceann eile. Cá bhfágfaidh sé sin muid? An bhfuilimid a rá go n-ainmneofar daoine, cronyism eile, ó pháirtithe móra polaitiúla le leanúint le páirtithe an Rialtais nó na páirtithe móra le déanamh cinnte nach ndéanfar aon cháineadh no gearán nó brú maidir le stádas Údarás na Gaeltachta. Ní bheidh aon ghlacadh leis sin mar níl sé ceart agus níl sé cóir.

Má thógaimid gurbh ó na comhairlí contae a bpiocfar daoine le dul ar bhord Údarás na Gaeltachta, an chiall leis sin ná go mbeidh daoine as Bun Dobhráin, Port Omna, Cill Airne agus Cionn tSáile ag déanamh cinneadh maidir le cé bheidh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Níl aon locht agam ar dhaoine ó na ceantair sin ach níl siad i gceantair Ghaeltachta agus níl mórán cúraim acu ar na ceantair sin mar níl siad ag maireachtáil iontu agus ní thuigeann siad na riachtanais atá againn. Tá sé tábhachtach go mbeadh an dream a bheadh ar bhord Údarás tofa agus tofa ag muintir na Gaeltachta féin. Tá an guth sin againn mar cheart agus ní cheart do rialtas ar bith a bheith ag iarraidh sin a bhaint dínn.

Cuirim fáilte roimh an méid atá ráite agus roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na coistí idir-rannach agus an aonad straitéise, ach arís, tá práinn leis an obair seo. Tá a fhios agam go dtuigeann an Aire Stáit é sin. Caithfear dlús a chur leis. Ba bhreá liom tuilleadh ama a bheith agam le caitheamh ar chúrsaí oideachais, na scéimeanna éagsúla atá faoi bhrú agus mar sin de.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don coimisinéir teanga. Tá cuid mhaith cainte déanta maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna Ranna Stáit. Tá coiste idir-rannach bunaithe cheana féin ach cén teanga a mbíonn á labhairt ag an coiste sin? An mbíonn an coiste ag feidhmniú trí Ghaeilge nó trí Bhéarla? Maidir leis an cáineadh géar a rinne an coimisinéir teanga ar iompar na Ranna Stáit ar fad beagnach maidir le cur chun cinn Acht na dTeangacha Oifigúla, céard atá an Aire Stáit chun a dhéanamh faoi sin? Fiú na bun seirbhísí maidir le freagairt guthán, páipéar cinn litreach, comharthaíocht agus mar sin de, bhí faillí á dhéanamh ag cuid mhór de na Ranna Stáít i leith a gcuid dualgaisí reachtúla i leith Acht na dTeangacha Oifigúla agus is mór an náire do na Ranna sin é sin. Caithfear díriú ar sin.

Tá clabhsúr á chur liom. Má bhíonn am fágtha ag deireadh na díospóireachta, níor mhiste liom a theacht isteach arís le cúpla focal eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.