Seanad debates

Tuesday, 7 June 2011

3:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Ceannaire an Tí as ucht chomh sciobtha agus a tugadh chun cinn an díospóireacht maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Ag tagairt don phointe a rinne mo chomhleacaí, an Seanadóir Cullinane, tá sé fíor thábhachtach go dtabharfar am cuí d'ionadaithe Shinn Féin le labhairt ag an díospóireacht sin, mar tá cuid mhaith ceisteanna, mar a d'ardaigh an Seanadóir Ó Domhnaill ar ball, maidir le todhchaí an údaráis ach go háirithe agus maidir leis an ról daonlathach atá ann ó thaobh muintir na Gaeltachta de le vótáil ar chúrsaí an údaráis agus ar bhord an údaráis.

Chomh maith le sin, i gcomhthéacs an gearradh siar ar mhaoiniú a rinneadh ar an údarás faoin Rialtas deiridh, tá go leor ceisteanna ardaithe thar an deireadh seachtaine ag na fógairtí a rinne an tAire ar an Déardaoin. Ba mhaith liom a fhiafrú den Cheannaire an bhfuil aon bealach gur féidir an méid ama atá leagtha amach don díospóireacht sin a leathnú go dtí trí uair a chloig, mar a moladh an tseachtain seo caite maidir leis na díospóireachtaí, mar tá mé cinnte go mbeidh neart le rá ag daoine ar ghach thaobh den Teach maidir leis an straitéis 20 bliain.

Díospóireacht eile atá uaim ná díospóireacht maidir le cúrsaí taistil tuaithe. Tá sé tagtha chun cinn go bhfuil imní ar na daoine atá ag plé leis na cláracha taistil tuaithe ar fud na tíre go bhféadfadh an clár a bheith i mbaol. Tá mé cinnte, de réir an méid a bhí le rá ag Fine Gael roimh an olltoghchán, go bhfuil siad i mór i bhfábhar an cláir taistil tuaithe agus tá mé ag glacadh leis go bhfuil siad fós, agus Páirtí an Lucht Oibre chomh maith céanna. B'fhéidir go mbeadh sé go maith dá dtiocfadh an tAire cuí isteach sa Teach le léiriú dúinn cén todhchaí atá ag an gclár sin, mar go bhfuil sé riachtanach ó thaobh daoine a thabhairt chuig an ionad pobail, daoine a thabhairt chuig na siopaí, chuig dochtúirí agus mar sin de. Laghdódh sin an imní atá amuigh sa bpobal maidir leis an dream atá ag plé leis an rural transport scheme. Ba mhaith an rud é nach mbeadh imní orthu faoi sin feasta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.