Seanad debates

Thursday, 2 June 2011

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

I dtosach báire, ba mhaith liom go n-iarrfaí ar an bPríomh Aoire nó ar an Taoiseach féin teacht go dtí an Teach agus soiléiriú a thabhart dúinn maidir le comhchoiste Oireachtais ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. An mbeidh a leithéid ann agus an mbeidh daoine á gceapadh air, nó an bhfuil sé caite i dtraipisí?

Chomh maith leis sin, ba mhaith liom tacú leis an moladh a rinne an Seanadóir Ó Domhnaill. Tá ceist na hiascaireachta thar a bheith tábhachtach faoi láthair. Le cur leis an díospóireacht sin, ba mhaith liom go bpléifí ceisteanna a bhaineann le coirpigh a dhéanamh de hiascairí a bhíonn ag plé le cúrsaí riarachán ar na báid. Department officials are criminalising fishermen for administrative misdemeanours. Ba bhreá liom go bpléimís é sin. Ceist íontach tábhachtach í sin i gcomhthéacs chúrsaí iascaireachta. Chomh maith leis sin, ba cheart go bpléifí an bealach a gcuirtear na treoirlínte ón Aontas Eorpach i bhfeidhm sa tír seo maidir le cúrsaí iascaireachta. Tá an chosúlacht ann go bhfuil siad i bhfad níos déine ná ins na baill stáit eile ina bhfuil iascaireacht go forleathan. Sílim gur ceist íontach tábhachtach í sin. Má tá rath le beith ar thionscail na hiascaireachta, caithfimid dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus caithfimid cuidiú leis na hiascairí.

Sa bhreis air sin, tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh plé againn sa Teach maidir le cúrsaí achmainní nádúrtha, mar an ghaoth, an ola agus mar sin de. Bheinn ag iarraidh ar an gCeannaire díospóireacht a thionóil ar an ábhar sin chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.